Brathadóir cáithníní
(Athsheolta ó Brathadóirí cáithníní)
Feistí chun cáithníní fo-adamhacha a bhrath is a aithint i dturgnaimh fhisic na gcáithníní. Deartar iad chun an fuinneamh iomlán, an cóimheas luchta/maise, an luas, an t-ionad, is an t-am a thomhas. Níl aon fheiste amháin in ann na tomhais éagsúla seo a dhéanamh, agus mar sin bíonn roinnt aonad scoite sna brathadóirí seo de ghnáth, gach aonad le cainníocht amháin a thomhas. Cuingrítear is comhghaolaítear iad i ríomhaire ansin.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Brathadóirí cáithníní". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 88.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |