Feistí chun cáithníní fo-adamhacha a bhrath is a aithint i dturgnaimh fhisic na gcáithníní. Deartar iad chun an fuinneamh iomlán, an cóimheas luchta/maise, an luas, an t-ionad, is an t-am a thomhas. Níl aon fheiste amháin in ann na tomhais éagsúla seo a dhéanamh, agus mar sin bíonn roinnt aonad scoite sna brathadóirí seo de ghnáth, gach aonad le cainníocht amháin a thomhas. Cuingrítear is comhghaolaítear iad i ríomhaire ansin.[1]

Brathadóirí cáithníní

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Brathadóirí cáithníní". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 88.