Bun (fisic)
I bhfisic na gcáithníní, cainníocht candamach breise ar leith (a dtugtar blas uirthi) a chaomhnaítear in idirghníomhaíochtaí leictreamaighnéadacha is idirghníomhaíochtaí láidre ach nach gcaomhnaítear in idirghníomhaíochtaí laga. Tugtar an tsiombail B uirthi. B = -1 ag bunchuarc, agus cuimsíonn buncháithnín bunchuarc (b) nó bunfhrithchuarc. Fionnadh an bunchuarc i 1977 mar dhís bunchuarc/bunfhrithchuarc, a dtugtar upsalónmhéasón uirthi. Cuimsíonn sé gach ball de chlann na mbunchuarc B-mhéasóin, agus na bunfhrithchuairc.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Bun". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 98.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |