Sa mhatamaitic, an cóimheas a fhaightear má tá pointe P ag roinnt líne dírí AB ionas gur AP:PB = AB:AP = τ, ina gcomharthaítear é leis an siombail τ. Tugtar an meán órga air seo freisin. τ = (τ+1)/τ. Chuir Vitriúvias i bhfeidhm san ailtireacht é, agus bhí an-spéis ann san Athbheochan. Mar shampla, bunaithe ar an gcóimheas seo atá an pictiúr cáiliúil de chuid Pietro della Francesca, Batessimo di Cristo (Baisteadh Chríost, 1440-1460).[1]
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir.
Is síol a bhaineann leis an matamaitic é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh.