CLG Dún Bleisce
Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Dún Bleisce.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | club spóirt | ||||
Dáta a bunaíodh | 1888 | ||||
Gníomhaíocht | |||||
Spórt | iomáint | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann.
Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Bunaithe: | 1888 | ||||||||||||||
Contae: | Luimneach | ||||||||||||||
Roinn: | Thoir | ||||||||||||||
Peil: | - | ||||||||||||||
Iomáint: | Sinsear | ||||||||||||||
Dathanna: | Dearg is bán | ||||||||||||||
Páirc: | Bóthar an Tóchair, Dún Bleisce, Contae Luimnigh | ||||||||||||||
|
Suíomh
cuir in eagarTá an club bunaithe sa chuid de pharóiste Dún Bleisce atá i gContae Luimnigh. Tá an trian eile de i gCLG Chontae Thiobraid Árann, áit a bhfuil club eile darbh ainm dó An Gleann Gearr suite. Tagan formhór imreoirí Dún Bleisce as baile Dún Bleisce féin, as na ceantracha tuaithe an pharóiste máguaird ar nós Faill Uí Chléirigh, An Cúige agus Rinn an Mheana agus as baile agus leathpharóiste Úlla.
Cluichí
cuir in eagarImrítear ach an iomáint amháin sa chlub agus tá sé nasctha le Úlla i gcomhair na peile.
Stair
cuir in eagarFiú amháin roimh bhunú Chumann Lúthchleas Gael, imríodh an-chuid iomána in oirthuaisceart Chontae Luimnigh agus nuair a eagraíodh comórtaisí go hoifigiúil, b’iad clubanna na háite ar nós Máigh Rua, Saor Theas, Cathair Laighin, An Bóthar agus An Cheapach Mhór a tháinig ar dtús chun tosaigh. Bunaíodh Dún Bleisce sa bhliain 1888 agus ghlacadar páirt i gcomórtaisí a eagraíodh in Oirthear Chontae Luimnigh agus Iarthar Chontae Thiobraid Árann le linn blianta deiridh an 19ú haois ach ach ba chlub beag iomána i measc na bhfathach é le linn an tréimhse sin.
D'imríodar an pheil chomh maith san am sin ach, mar an gcéanna leis an iomáint, bhí clubanna láidre ar nós Úlla agus Pailís na Gréine ar bhéal an dorais. Níl aon tuairisc ann faoi imirt ne hiomána nó na peile le linn na dTrioblóidí agus, mar an gcéanna lena lán clubanna eile sa chontae um an dtace sin, is cosúil go raibh an club neamhghníomhach ar feadh roinnt blianta.
Nuair a atosaíodh na craobhacha i ndiaidh teacht na síochána, ba sa pheil a d'éirigh le Dún Bleisce ar dtús. Bhuadar Craobh Sóisear an Chontae sa bhliain 1928 i ndiaidh dóibh Caisleán Uí Mhathúna a chloí sa chluiche ceannais. Tháinig Úlla agus Dún Bleisce le chéile faoin ainm Raonaithe an Bhaile Nua ag tús blianta na 1930í agus chailleadar cluiche ceannais craobh sinsear an chontae faoi dhó i gcoinne An Ghleanna sna blianta 1933 agus 1934.
Níor tháinig an iomáint chun chinn go dtí blianta na 1930í nuair a tháinig Craobh Iomána Sóisear an Chontae chucu sa bhliain 1937 tar éis dóibh buachaint ar Theampall an Ghleanntáin i ndiaidh achomhairc agus d'éirigh leo arís sa chomótas sa bhliain 1941 nuair a sháraíodar ar An gConradh sa chluiche ceannais. D’ímríodar gan toradh sa ghrád sinsear ar feadh roinnt blianta ina dhiaidh sin sular fhilleadar ar ais ar an ngrád sóisear ach, cé gur bhuadar Craobh Iomána Sóisear Oirthear Luimnigh sna blianta 1961, 1962 agus 1967, níor éirigh leo arís i gcraobh an chontae.
Cuireadh an-iarracht isteach ar na gráid óga le linn blianta na 1960í agus, nuair a shroich na himeroirí na grádanna fásta, bhuaigh Dún Bleisce Craobh Iomána Sinsear Oirthear Luimnigh don chéad uair sa bhliain 1974. Ach cé gur chlub sinsear é ón am shn i leith, níor éirigh leo i gcomórtaisí an chontae. B’iad 1989, nuair bhuaigh Baile Brún orthu, agus 2000, nuair a chailleadar le cúilín amháin i gcoinne Tobar Phádraig, na blianta ba thorthúile dóibh nuair a shroich Dún Bleisce cluiche ceannais Craobh Iomána Sinsear Chontae Luimnigh.
Tá mórcháil bainte amach ag Dún Bleisce as a bhfóirne óga. Ghabhadar naoi gCraobh Iomána Mionúir Chontae Luimnigh idir na blianta 1946 agus 2003 agus tá Craobh Iomána Faoi-21 an Chontae gafa acu ar cheithre ócáid idir na blianta 1966 agus 2005. Le linn blianta na 1960í, bhuaigh an-chuid imreoirí mionúir agus faoi-21 ón bparóiste boinn iomána an chontae le Dún Bleisce agus boinn peile an chontae le Úlla.
Is é Craobh Sóisear an Oirthir na bliana 1968 an chorn dheiridh a bhuaigh Dún Bleisce mar club peile sular thángadar le chéile le Úlla.
Páirc Imeartha
cuir in eagarTá páirc imeartha Dún Bleisce suite i gceartlár an bhaile, gan ach 300m ón bPríomhshráid ar Bhóthar Úlla. Osclaíodh sa bhliain 1994 í agus chríochnaíodh na seomraí feistithe sa bhliain 2002.
Imreoirí Cáiliúla
cuir in eagarI measc iománaithe cáiliúla Dún Bleisce, tá Liam Ó Mórdha (Willie Moore), a bhuaigh bonn Craobh Iomána Sinsearach na hÉireann le foireann Luimnigh sa bhliain, agus imreoirí contae na 2000í Donncha Ó Maoldomhnaigh (Dinny Moloney) agus Mícheál Mac Gearailt (Mike Fitzgerald).
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).
- “Doon GAA: A History 1887-1990”, O’Brien, Tom, 1991 (Béarla).
- “Heroic Doon: A History of Doon GAA Club”, O’Brien, Tom, (gan dáta), (Béarla).