Is éard is cailceatoinin[1] ann ná hormón, ar polaipeiptíd é, a shintéisítear is a tháltar i C-chealla i bhfaireog thíoróideach i mamaigh, agus i gcoirpíní bunbhrainciacha i veirteabraigh eile. Fuasclaítear mar fhreagairt ar leibhéil ardaithe chailciam sa bhfuil é, agus feidhmíonn sé chun na leibhéil eachtarcheallacha chailciam a laghdú.[2]

Cailceatoinin
  1. “calcitonin” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-06-22.
  2. Hussey, Matt (2011). "Cailceatóinin (sic)". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 105.