Cair Ruairidh

sráidbhaile in Albain
(Athsheolta ó Cathair Ruairidh)

Sráidbhaile beag traidisiúnta, in aice le Dalton, atá suite ar iardheisceart na hAlban is ea Cair Ruairidh. Tá sé suite ag 76m os cionn leibhéal na farraige, soir ó dheas ó Dhùin Phris is Gall-Ghaidhealaibh, idir Inbhir Anainn agus Dùn Phrìs, le taobh an Uillt Daltan, a shníonn isteach in Abhainn Anainn taobh thiar den bhaile. Tá sé 247km ar shiúl ó Obar Dheathain, 104km ó Ghlaschú, 105km ón t-Shrón Reamhar agus 103km ó Dhùn Èideann, príomhchathair na tíre. Tá 133 duine ina gcónaí sa bhaile. Tá Béarla mar chéad teanga ag an chuid is mó de mhuintir Chair Ruairidh. Tá geilleagar an bhaile ag brath go mór ar thalmhaíocht agus ar thurasóireacht. Ina theannta sin, tá dhá óstán agus ionad gairneoireachta sa bhaile. Maidir le hoideachas, tá bunscoil anseo ach caithfidh tú dul chuig an meánscoil in Inbhir Anainn. Gabhann bóthar an A75 idir Cair Luail agus an t-Srón Reamhar thar an áit agus is féidir an baile a fheiceáil ón mbóthar.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCair Ruairidh

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 55°02′03″N 3°24′15″W / 55.03414678°N 3.40415484°W / 55.03414678; -3.40415484
Stát ceannasachan Ríocht Aontaithe
Comhthír na Ríochta AontaitheAlbain
Limistéar comhairle in AlbainComhairle Dhùn Phris is Ghall-Ghàidhealaibh
Paróiste sibhialtaDalton (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Fréamhacha an Logainm cuir in eagar

De réir lucht nasanasaíochta, is dóichí gurb é ainm an bhaile ná Cer Ruther sa tSean-Bhreatnais. Tá ainmneacha áiteanna sa Bhreatnais an-fhlúirseach i ndeisceart na hAlban, fiú i 1325 nuair a taifeadadh an logainm.

Stair cuir in eagar

Taifeadadh an baile don chéad uair sa bhliain 1350. ==Tagairtí