Tomhas ar an oiread a pholaraíonn (a ailíníonn) na móilíní in ábhar faoi iarmhairt réimse leictrigh. Úsáidtear an tsiombail ε uirthi, agus an t-aonad farad in aghaidh an mhéadair (F m-1). Is ionann ceadaíocht an fholúis is 1/(μ0 c2), nuair is é μ0 tréscaoilteacht mhaighnéadach folúis, agus c luas tairiseach forleata solais i bhfolús: mar sin ε0 = 8.854 × 10-12 F m-1, tairiseach uilíoch a thagann san áireamh arís is arís eile sa leictreachas. Maidir le hábhair thréleictreacha, braitheann ε ar chomhdhéanamh an ábhair is na coinníollacha fisiciúla, agus luaitear mar iolraí ar ε0 í. Tugtar an tairiseach tréleictreach ar na hiolraí seo.

Bosca Sonraí Méid FisiciúilCeadaíocht
Diel.png
Foirmle Cuir in eagar ar Wikidata