Ceann Faoladh mac Blathmaic

rí in Éirinn sa 7ú haois

Rí Bhreá agus Ard-Rí na hÉireann ba ea Ceann Faoladh mac Blathmaic (Sean-Ghaeilge Cenn Fáelad mac Blathmaic) (bás 675). Tháinig sé i gcomharbacht ar a athair Blathmac mac Aodha Sláine (bás 665) agus a dheartháir Seachnassach (bás 671). Ball de Shíol Aodha Sláine d'Uí Néill an Deiscirt ba ea é, ainmnithe as a sheanathair.[1]

Infotaula de personaCeann Faoladh mac Blathmaic
Beathaisnéis
BreithÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás675 (Féilire Ghréagóra)

Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Ardrí na hÉireann
672 – 675
← Seachnassach mac BlathmaicFíonsneachta Fleách mac Dúnchadha → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachSíol Aodha Sláine Cuir in eagar ar Wikidata
AthairBlathmac mac Aodha Sláine
SiblínSeachnassach mac Blathmaic

Maraíodh é, is dóigh i mbun royal circuit na hÉireann, gar do Loch Deirgeirt ag a chol ceathrar, chéile comhraic agus chomharba, Fíonsneachta Fleách (bás 695).[2]

Insítear i nAnnála Easpacha na hÉireann:

Ra iadhsad um Fhionnachta
fiana iarthar thíre;
ro maoladh—mór a choire—
um Cennfaoladh a ríghe.
D'iaigh um Fhíonsneachta
fianna iarthar tíre;
maolaíodh - mór a rath -
ó Cheann Faoladh a ríogacht.[3]

Níl Ceann Faoladh san áireamh mar Ard-Rí sa luath-ríliosta Buile Choinn. Is dócha gur fágadh ar lár é d'aon ghnó, óir gur tiomsaíodh an liosta le linn réimeas a mharfóra, Fíonsneachta.[4] Tá sé dáiríre san áireamh mar Ard-Rí i gCroinic na hÉireann, an bunleagan d'annála Éireann eile.

Ní fheictear go suntasach níos déanaí a mhuintir, Uí Chinn Fhaoladh.

  • Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Batsford, London, 1973. ISBN 0-7134-5882-8
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Tá ort na shonrú' 'teideal = agus' 'url = nuair a úsáideann {{ lua idirlín}}."". Oxford Dictionary of National Biography (2004).
  • Annals of Ulster at CELT: Corpus of Electronic Texts at University College Cork
  • Fragmentary Annals of Ireland at CELT: Corpus of Electronic Texts at University College Cork
  1. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín II
  2. Annála Uladh, AU 675.1
  3. FA 62
  4. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 492


Réamhtheachtaí
Sechnassach
Ard-Rí na hÉireann
672–679
Comharba
Fínsnechta Fledach