Seachnassach mac Blathmaic
Rí Bhreá agus Ard-Rí na hÉireann ba ea Seachnassach mac Blathmaic (Sean-Ghaeilge Sechnassach mac Blathmaic) (bás 671), a tháinig i gcomharbacht ar a athair Blathmac mac Áedo Sláine (bás 665) agus uncail Diarmaid mac Aodha Sláine (bás 665). Ba bhall é de Shíol Aodha Sláine d'Uí Néill an Deiscirt, ainmnithe as a sheanathair, Aodh Sláine (bás 604).[1][2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Éire |
Bás | 671 Éire |
Ardrí na hÉireann | |
665 – 671 ← Diarmaid mac Aodha Sláine, Blathmac mac Aodha Sláine – Ceann Faoladh mac Blathmaic → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Síol Aodha Sláine |
Athair | Blathmac mac Aodha Sláine |
Siblín | Ceann Faoladh mac Blathmaic |
- le haghaidh rí Uí Chinnsealaigh, féach Sechnassach mac Colggen
Deirtear gur éag athair agus uncail Sheachnassaigh de phlá mór — the buide Chonaill — a tharla i nÉirinn ón mbliain 664 ní 665 ar aghaidh.[3][4]
Cuireann comhaontais phósta Sheachnassaigh in iúl go raibh dlúthghaoil aige leis na Laigin. Le Fionndealbh ní Cheallaigh (Findelb ingen Chellaig), iníon b'fhéidir le Ceallach Cualann (bás 715) a bhí an t-aon phósadh amháin aige dá bhfuil tuairisc ann. Phós a iníon, Bé Fáil (bás 741), in ann trátha Ceallach Cualann. Tá eolas ar bheirt iníonacha eile, Murgal agus Mumhain, ach ar mhac ar bith.[5]
Ní fhaightear ach pas beag sna hannála maidir le réimeas Sheachnassaigh seachas a bhás. Maraíodh é i Mí na Samhna, November 671 ag Dubh Dúin, rí Chineál Cairbre, mion-ríocht Uí Néill ar imill uachtaracha na Bóinne gar do Chluain Ioraird.[6][7] Tháinig a dheartháir Ceann Faoladh i gcomharbacht air mar Ard-Rí, is dócha dá bhliain in 672.[5]
Níl Seachnassach san áireamh mar Ard-Rí sa luath-ríliosta Buile Choinn. Is dócha gur fágadh ar lár é d'aon ghnó, óir gur tiomsaíodh an liosta le linn réimeas Fhíonsneachta, marfóir a dheartháir, Ceann Faoladh (bás 675).[8] Tá sé dáiríre san áireamh mar Ard-Rí i gCroinic na hÉireann, an bunleagan d'annála Éireann eile.
Insítear i nAnnála na gCeithre Máistrí maidir leis:
- Ba srianach, ba h-eachlascach
- in teach h-i m-bidh Seachnusach,
- Ba h-imdha fuigheall for slaitt
- h-istaigh i m-bidh mac Blatmaic.
- Ba sarianta, ba eachlasca
- i dtigh inár chónaigh Seachnasach
- b'iomaí fuigheall slada
- i dtigh inár chónaigh mac Bhlathmaic.[9]
Feictear Seachnasach sna saothair, idir úrscéalta agus gearrscéaltá, Sister Fidelma mysteries le Peter Tremayne.
Foinsí
cuir in eagar- Byrne, Francis John (1973). "Irish Kings and High-Kings". Londain: Batsford.
- "Sechnassach mac Blaímaic (d. 671)". Oxford Dictionary of National Biography.
- Charles-Edwards, T. M. (2000). "Early Christian Ireland". Cambridge: Cambridge University Press.
- Mac Niocaill, Gearóid (1972). "Ireland before the Vikings" 1. Baile Átha Cliath: Gill & Macmillan.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín II
- ↑ Irwin, "Sechnassach mac Blathmaic".
- ↑ Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, lch. 107
- ↑ Annála Uladh, AU 665.1.
- ↑ 5.0 5.1 Irwin, "Sechnassach mac Blathmaic".
- ↑ Mac Niocaill, Ireland before the Vikings, lch. 107
- ↑ AU 671.3.
- ↑ T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 492
- ↑ AFM, M669.1.