Ceann ordóige
speiceas iasc
Iasc beag a mhaireann ar thóin locha is aibhneacha ar fud tuaisceart na hEorpa is ea an ceann tairbh, nó ceann ordóige (Cottus gobio).[1] An cholainn téagartha, suas le 10 cm ar fhad, le ceann leathan leata. Beirtear na huibheacha faoi chlocha, agus déanann an fireannach cosaint orthu. Itheann sé inveirteabraigh, crústaigh go háirithe. Tugtar an t-ainm seo ar éisc mara eile is anglaití Meiriceánach freisin.[2]
Cottus gobio | |
---|---|
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 5445 |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Actinopteri |
Ord | Perciformes |
Fine | Cottidae |
Géineas | Cottus |
Speiceas | Cottus gobio Linnaeus, 1758 |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““Cottus gobio” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-28.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ceann tairbh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 125.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |