Ceannruán
Clann mhór iasc beag a mhaireann ar an ngrinneall gar don chladach. Faightear ar fud an Domhain i bhfarraigí trópaiceacha is measartha é, ach uaireanta i locha. Áitríonn sé sa chrios idirthaoideach i locháin is faoi charraigeacha. An cholainn ramhar, gan lanna. Cuid mhaith fiacla beaga sna gialla.[1]
Blennioidei | |
---|---|
Ophioblennius steindachneri | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Chordata |
Aicme | Actinopteri |
Ord | Perciformes |
Fo-ord | Blennioidei Müller, 1844 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Ceannruán". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 125.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |