Ceol an-ársa le gléasanna sainiúla éagsúla. Mar shampla, is seanghléasanna an cin, ar saghas siotáir é, is fliúit bambú an dísí, agus is liút piorra-chruthach an píopa. Go dtí 1911 ba thraidisiún béil den chuid is mó ceol na Síne, bíodh is go raibh córais nodaireachta ann leis na céadta bliain. Bhíodh ceol sa chúirt is ceoldrámaí sna hamharclanna ar feadh i bhfad, agus bhí ceoldráma Bhéising lárnach i gceol is cultúr na tíre ón 17ú céad.[1]

Ceol na Síne á sheinm ag ceolchoirm, bunaithe ar ghléasanna a fuarthas i dtuama ríoga ón 5ú haois RC

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Ceol na Síne". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 130.