Charlie Bird
Iriseoir agus craoltóir Éireannach ab ea Charles "Charlie" Bird. (9 Meán Fómhair 1949 .i nDumhach Thrá - 11 Márta 2024).[1] Rinne sé tuairisciú do RTÉ ar chuid de na scéalta móra a tharla in Éirinn agus thar sáile sna 40 bliain a raibh sé ag plé leis an gcraoltóireacht.[2] Le linn daichead bliain mar iriseoir, thug Charlie Bird tuairiscí ar roinnt scéalta tábhachtacha in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, lena n-áirítear tine Stardust, cinedhíothú agus géarchéim Ruanda,[3] seachaint cánach sa Bhanc Éireannach Náisiúnta, na hionsaithe sceimhlitheoireachta i Meán Fómhair 2001 agus an súnámaí san Aigéan Indiach in 2004.[4]
(2007) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 9 Meán Fómhair 1949 Dumhach Thrá, Éire |
Bás | 11 Márta 2024 74 bliana d'aois An Machaire Mór, Éire |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Scléaróis chliathánach amatrófach) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Ardscoil Dhumhach Thrá |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Iriseoireacht |
Gairm | iriseoir, láithreoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí an Lucht Oibre Páirtí na nOibrithe |
Teangacha | Béarla agus an Ghaeilge |
Teaghlach | |
Siblín | Colin Bird |
B'oibrí dochloíte é ar son an charthanais An Cumann Galar Néarón Luadrach agus Pieta chomh maith.
Beatha
cuir in eagarThosaigh Charlie Bird ag obair in RTÉ mar thaighdeoir cúrsaí reatha sa bhliain 1974.
Tuairisceoir agus comhfhreagraí aitheanta nuachta a bhí ann ina dhiaidh sin. Bhí cáil air mar dhuine díograiseach agus seiftiúil ar na cláracha Seven Days agus an Late Late Show agus ansin ag glacadh páirt le cúrsaí nuachta ó 1980 ar aghaidh.
Bhí sé ina phríomh-chomhfhreagaí nuachta agus ina chomhfhreagraí in Washington DC le linn 2208-2010.[5]
D'éirigh sé as a phost in RTÉ in 2012. Chaith sé 38 bliain ann. D'oibrigh sé mar iriseoir neamhspleách agus údar ina dhiaidh sin.
Obair charthanachta agus bás
cuir in eagarD'fhógair Charlie Bird i mí Dheireadh Fómhair na bliana 2021 go raibh an galar néarón luadrach air. Thug sé le fios gurb é an galar sin ba chúis leis na deacrachtaí urlabhra a bhí aige.[5]
Chuaigh sé os comhar an phobail leis an ngalar agus thosnaigh sé an feachtas Climb With Charlie. Thionscain sé roinnt feachtas bailithe airgid ar son eagraíochtaí carthanachta a chuidíonn le daoine a bhfuil an tinneas sin orthu. Ar an drochuair, is galar é nach bhfuil aon leigheas air go fóill agus bhí taighdeoirí an-bhuíoch de chomh maith as an airgead a bhailigh Charlie Bird ar a sonsan.[6] Dhreap sé Cruach Phádraig, agus eile nach iad. Áirítear gur €3.4 milliún san iomlán a bhailigh sé in imeacht cúpla bliain, ar son An Cumann Galar Néarón Luadrach in Éirinn agus Pieta.
Bhásaigh Charlie Bird ar 11 Márta 2024 in aois a 74 bliain tar éis dó.[2][7] D’eagraigh sé a luaithreach bheith curtha in Inis Oírr, áit ar thug sé cuairt uirthi go minic le breis is caoga bliain.[4]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ RnaG (2024-03-12). "Déaglán de Bréadún, Iriseoir, údar agus colúnaí leis an Irish News." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-03-17.
- ↑ 2.0 2.1 "Ceiliúradh déanta ar ‘fhuinneamh dochloíte’ agus ‘flosc chun na beatha’ Charlie Bird" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-14). Dáta rochtana: 2024-03-17.
- ↑ Frank Reidy (2015-04-20). "FOCAL IS FUAIM: Sliocht as leabhar Frank Reidy – Ó Chósta go Cósta" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-17.
- ↑ 4.0 4.1 Conradh na Gaeilge, Londain (16 Márta 2024). "Nuacht Mhall: (Ciarraí)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-03-16.
- ↑ 5.0 5.1 Nuacht RTÉ (2021-10-27). "An galar néarón luadrach ar Charlie Bird" (as ga).
- ↑ "An t-iarnuachtóir aitheanta in RTÉ Charlie Bird tar éis bháis" (as ga) (2024-03-12).
- ↑ Nuacht RTÉ (2024-03-14). "Seirbhís speisialta i gcuimhne Charlie Bird i mBaile Átha Cliath" (as ga-IE).