Ciarán Ó Con Cheanainn
Ba scoláire Gaeilge agus amhránaí ar an sean-nós é Ciarán Ó Con Cheanainn (Iúil 1981 - 3 Feabhra 2009[1]). Shaothraigh sé cáil i measc lucht na Gaeilge nuair a bhuaigh sé Comórtas Chorn Uí Riada agus é ar an duine ab óige riamh chun a gradam sin a bhuachan. Cailleadh go tobann agus é ina fhear óg.
ÓigeCuir in Eagar
Rugadh agus tógadh Ciarán Ó Con Cheanainn i Sail Chuanna sa Spidéal, i nGaeltacht na Gaillimhe. Cuireadh oideachas air i Scoil Sailearna agus i gColáiste Cholm Cille in Indreabhán. Bhain sé céim amach ansin i gColáiste na hOllscoile, Gaillimh sa bhliain 2002, sa Ghaeilge agus sa Tíreolaíocht. Anuas air sin, bhain sé MA agus MLitt amach i UCD agus bhí sé ag obair ar a dhochtúireacht le linn dó a bheith ag obair mar léachtóir Gaeilge ansin, go dtí go bhfuair sé bás gan choinne.
Corn Uí RiadaCuir in Eagar
Buaiteoir ar Chorn Uí Riada, bpríomhchomórtas sean-nóis na hÉireann ag Oireachtas na Gaeilge, ba é sa bhliain 2008, tar éis dó teacht sa dara háit sna blianta 1999 agus 2003.[2]
Corn Uí Chon CheanainnCuir in Eagar
Bunaíodh comórtas amhránaíochta ar an sean-nós do mhic léinn tríú leibhéal in ómós do Chiarán sa bhliain 2015 sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Corn Uí Chon Cheanainn a glaodh ar an gcomórtas.