Cillian Murphy

aisteoir Éireannach

Is aisteoir Éireannach scannáin agus amharclainne é Cillian Murphy (a rugadh an 25 Bealtaine 1976).

Infotaula de personaCillian Murphy

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith25 Bealtaine 1976
47 bliana d'aois
Dúglas, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
NáisiúntachtÉireannach
Grúpa eitneachMuintir na hÉireann
Scoil a d'fhreastail sé/síColáiste na hOllscoile Corcaigh (1996–)
Coláiste na Toirbhirte Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibrePictiúrlann, scannánaíocht agus ceol
Gairmaisteoir, aisteoir stáitse, aisteoir scannáin, aisteoir teilifíse, dioscmharcach, ceoltóir, cumadóir, aisteoir gutha, scríbhneoir scripte, léiritheoir teilifíse Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1996 –
TeangachaBéarla
Saothar
Saothar suntasach
Teaghlach
CéileYvonne McGuinness (2004–) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas

IMDB: nm0614165 Allocine: 69081 Rottentomatoes: celebrity/cillian_murphy Allmovie: p271775 TCM: 562955 Metacritic: person/cillian-murphy TV.com: people/cillian-murphy IBDB: 492739 AFI: 239712
Spotify: 7hGvL6xgipAEutgDhyk5XB Musicbrainz: 59a0c216-6fad-40a7-bf1d-20d4ce4a19ed Discogs: 1300327 Cuir in eagar ar Wikidata

Chuir Murphy, arb as Corcaigh ó dhúchas é, tús lena shaol ar an ardán mar cheoltóir rac. I ndiaidh dó diúltú do chonradh taifeadta, thug sé faoi shaol na haisteoireachta go proifisiúnta den chéad uair sa dráma Disco Pigs i 1996. Thuill sé clú idirnáisiúnta nuair a ghlac sé páirt an laoich sa scannán iar-apacailipteach 28 Days Later[1] sa bhliain 2002.

Bronnadh duais Oscar don aisteoir is fearr air don scannán Oppenheimer sa bhliain 2024, an chéad uair a bronnadh an duais sin ar aisteoir a rugadh in Éirinn.[2]

1992: clé r dheis - Dr Tim Smyth, Dept of Chemical and Life Sciences UL; Eoin O'Sullivan agus Cillian Murphy

Tús a shaoil cuir in eagar

Rugadh Murphy i nDúglas agus tógadh é i mBaile an Teampaill – dhá bhruachbhaile de chuid chathair Chorcaí – agus tá sé ar an duine is sine de cheathrar páistí.

Bhí a athair, Brendan (Corcaíoch a chaitheann cuid mhór dá shaol i nGaeltacht Chorca Dhuibhne)[3] ag obair sa Roinn Oideachais agus ba mhúinteoir Fraincise í a mháthair. Ní hamháin gur oideoirí iad a thuismitheoirí, ach is múinteoirí iad a aintíní agus a uncailí fosta, díreach mar a bhí a sheanathair rompu.

Tá bua an cheoil ag an teaghlach agus thosaigh Murphy ag seinm ceoil agus ag scríobh amhrán nuair nach raibh sé ach deich mbliana d’aois.

D’fhreastail Murphy ar an scoil Chaitliceach Coláiste na Toirbhirte, áit ar éirigh go maith leis i gcúrsaí acadúla, cé go mbíodh sé i dtrioblóid go minic agus gur cuireadh ar fionraí é cúpla uair, go dtí gur shocraigh sé agus é sa cheathrú bliain nárbh fhiú an crá é an mí-iompar. Ní raibh mórán suime aige sa spórt, cé gur chuir a scoil an-bhéim air, agus bhraith Murphy nach bhfuair sé tacaíocht iomlán dá chaitheamh aimsirí cruthaitheacha ar scoil. Go fóill féin, ba ar scoil a fuair sé blas na haisteoireachta den chéad uair nuair a ghlac sé páirt i modúl dráma a chuir Pat Kiernan, stiúrthóir Chomhlacht Amharclainne Corcadorca, i láthair. Chuir Murphy síos ar an taithí seo níos moille ina shaol nuair a dúirt sé gur am iontach a bhí ann agus gur mhothaigh sé go hiomlán beo, mothúchán ar a ndeachaigh sé sa tóir ina dhiaidh. Bhí an file agus an t-úrscéalaí William Wall ina mhúinteoir Béarla ag Murphy agus mhol sé dó dul le haisteoireacht ach ag an am sin b’ionann bheith ar an ardán agus bheith ina fhear mór rac.

Agus é sna déaga déanacha agus luathfhichidí, bhí Murphy ag obair i dtreo gairme mar cheoltóir rac agus sheinn sé giotár i roinnt bannaí ceoil in éineacht lena dheartháir Pádraig. Bhí dúil mhór ag an mbeirt sna Beatles agus d’ainmnigh siad a mbanna is rathúla The Sons of Mr. Greengenes as amhrán ón mbliain 1969 a bhí ag Frank Zappa, duine a raibh an-mheas acu air. Chan Murphy agus sheinn sé giotár sa bhanna agus dúirt sé gurbh é speisialtacht an bhanna “wacky lyrics” agus “endless guitar solos.” I 1996, thairg Acid Jazz Records conradh taifeadta cúig albam do The Sons of Mr. Greengenes ach níor shínigh siad an conradh. Ní raibh tuismitheoirí na ndeartháireacha sásta go nglacfaidís leis an gconradh toisc go raibh deartháir Murphy ag freastal ar an meánscoil go fóill. Chomh maith leis sin, níor tairgeadh mórán airgid leis an gconradh agus bheadh orthu cearta amhráin Murphy a ghéilleadh don lipéad ceoil.

Sa bhliain chéanna, thosaigh Murphy ag déanamh staidéir ar dhlí i gColáiste na hOllscoile Corcaigh (UCC) ach theip air i scrúduithe na chéad bhliana toisc, mar a d’admhaigh sé féin, nach raibh sé d’uaillmhian aige é a dhéanamh. Ní hamháin go raibh sé gnóthach lena bhanna, ach d’admhaigh sé go raibh a fhios aige i ndiaidh dó cúpla lá a chaitheamh in UCC nárbh oiriúnach dlí dá phearsantacht ealaíonta.

Nuair a chonaic sé an léiriú stáitse de A Clockwork Orange, a rinne Kiernan a stiúradh, spreag sé suim san aisteoireacht ann. Ba é an chéad phríomhpháirt a bhí aige ná páirt i léiriú amaitéarach Chumann Drámaíochta UCC den dráma Observe the Sons of Ulster Marching Towards the Somme, ach dar leis féin, ba é an phríomhaidhm a bhí aige an uair sin ná bheith ag cóisireacht agus ag bualadh le mná agus nach raibh sé dáiríre faoin aisteoireacht mar ghairm ag an am.

Mar sin féin, thosaigh sé ag bogadh de réir a chéile ón obair mar cheoltóir rac. Agus é ag caint faoin athrú seo níos moille dúirt sé, “I think there’s such a thing as a performance gene. If it’s in your DNA it needs to come out.” Dúirt sé, maidir leis féin, gur tháinig an ghéin seo chun cinn trí mheán an cheoil ar dtús agus d’athraigh sé ansin de réir a chéile gur shoiléirigh sí í féin tríd an aisteoireacht. “I always needed to get up and perform,” a dúirt sé.

 
2005

Aisteoireacht cuir in eagar

Luathobair cuir in eagar

Choinnigh Murphy sa tóir ar Pat Kiernan go bhfuair sé triail aisteora ag Corcadorca agus i mí Mheán Fómhair 1996 rinne sé a chéad phíosa aisteoireachta ar an ardán agus é ar an gcéad duine a ghlac páirt an déagóra thaghdaigh as Corcaigh, sa dráma Disco Pigs le Enda Walsh. Dúirt sé tamall maith ina dhiaidh sin go raibh sé iontach sotalach go deo ag an am agus nach raibh aon rud le cailleadh aige leis, agus gur dócha gurbh oiriúnach iad na tréithe seo don pháirt.

Ó cheart ní raibh Disco Pigs le bheith ar siúl ach ar feadh trí seachtaine ach sa deireadh rinne sé camchuairt na hEorpa, an Cheanada agus na Astráile ar feadh dhá bhliain, agus d’éirigh Murphy as an ollscoil agus as an mbanna.

Cé go raibh sé ar intinn aige filleadh ar an gceol, d’éirigh leis ionadaíocht a fháil nuair a chonaic a chéad ghníomhaire é in Disco Pigs agus thosaigh cúrsaí aisteoireachta ag dul i bhfeabhas don aisteoir óg.

Idir na blianta 1997 agus 2003, bhí páirteanna ag Murphy i scannáin neamhspleácha, lena n-áirítear an gearrscannán Gaeilge/Béarla Filleann an Feall, agus i mionsraith theilifíse de chuid an BBC, athchóiriú ar The Way We Live Now. Mar aon le Disco Pigs, bhí páirteanna aige i gcuid mhór drámaí eile, lena n-áirítear dráma Shakespeare Much Ado About Nothing, The Shape of Things le Neil LaBute, agus The Seagull le Chekhov. Amharcann Murphy ar an obair drámaíochta a rinne sé mar obair traenála.

Ghlac Murphy lena ról in Disco Pigs (scannán) arís in 2001 sa scannán le léiritheoir neamhspleách Kirsten Sheridan agus chan sé a amhrán féin "So New" thar na teidil chreidiúna agus “You Really Got Me” le The Kinks i radharc cáirióice i dteach tábhairne sa scannán.

Le linn na tréimhse seo, bhog Murphy ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath ar feadh cúpla bliain agus ansin go Londain sa bhliain 2001.

Tharraing a ról sa leagan scannánaíochta de Disco Pigs súil an stiúrthóra Danny Boyle agus é ag lorg aisteora don phríomhpháirt sa scannán 28 Days Later.

Eisíodh an scannán sa Ríocht Aontaithe go déanach in 2002, agus faoin Iúil ina dhiaidh sin bhí ag éirí go hiontach leis an scannán gan choinne i Meiriceá agus bhí rath air go hidirnáisiúnta, rud a chuir Murphy os comhair lucht féachana ollmhór den chéad uair.

Thuill ról Jim, marthanóir paindéime, ainmniúcháin do Murphy don duais ‘Duine Nua is Fearr’ ag Gradaim Empire 2003 agus do Léiriú Ceannródaíoch ag Fear ag Gradaim Scannán MTV 2004. I léirmheas a rinne ComingSoon.net ar an scannán, dúradh, “Cillian Murphy is a superb find... and he gives a breakout performance as a man torn apart by the new world into which he's awakened.”

Ag deireadh na bliana 2003, bhí príomhpháirt ag Murphy sa scannán Intermission ina ndéanann sé páirt stocadóir mí ádhúil ollmhargaidh atá tréigthe ag a leannán agus a phleanálann robáil bainc le Colin Farrell. Bhí an scannán seo ar an scannán neamhspleách Éireannach ba rathúla ó thaobh airgid de i stair díoloifige na hÉireann (go dtí gur sháraigh The Wind That Shakes the Barley an churiarracht seo in 2006).

Bhí páirteanna cúnta ag Murphy chomh maith ina chéad scannáin Hollywood – Cold Mountain agus Girl with a Pearl Earring. D’fhoghlaim sé conas feoil a ghearradh i seamlas le hullmhú dá ról mar bhúistéir sa dara scannán thuas, cé gur feoilséantóir é féin.

In 2004, thug sé camchuairt na hÉireann agus é sa príomhról — ról an 'Playboy' — sa dráma The Playboy of the Western World, léiriú de chuid Chompántas Amharclainne Druid faoi stiúir Garry Hynes, a bhí ina stiúrthóir ag Murphy in Juno and the Paycock le Seán O’Casey agus in The Country Boy le John Murphy don chompántacht céanna.

 
2010

Rath criticiúil cuir in eagar

Scéinséirí cuir in eagar

Is iad na páirteanna is cáiliúla a bhí aige ná páirteanna na meirleach in dhá scannán mór-eachtraíochta na bliana 2005: páirt an ‘Scarecrow’ sa scannán sárlaoich Batman Begins, agus páirt Jackson Rippner sa scéinséir Red Eye. Ba sa bhliain 2005 a thuill Murphy aitheantas níos forleithne, ar dtús mar gheall ar dhá ról iomráiteacha mar mheirligh: an Dr. Jonathan Crane in Batman Begins, agus Jackson Rippner sa scéinséir Red Eye. Iarradh air ar dtús triail aisteora a dhéanamh do pháirt Bruce Wayne/Batman in Batman Begins, ach níor chreid Murphy riamh go raibh an chruthaíocht cheart aige do pháirt an tsárlaoich. Thapaigh sé an deis bheith ag obair leis an stiúrthóir Christopher Nolan, áfach.

Cé go bhfuair Christian Bale an phríomhpháirt chuaigh Murphy chomh mór sin i bhfeidhm ar Nolan gur thug sé páirt chúnta an Dr. Crane dó, dochtúir a bhfuil taobh eile leis mar shármheirleach ar a dtugtar ‘Scarecrow’. Dúirt Nolan leis an iris Spin go bhfuil súile iontacha neamhghnácha ag Murphy agus go mbíodh sé i gcónaí ag cumadh leithscéalta le go mbeadh Murphy in ann a spéaclaí a bhaint de le linn na seatanna teanna. Sa scannán Red Eye de chuid Wes Craven, ghlac Murphy páirt oibrithe i bplota feallmharfa, a chuireann faitíos ar Rachel McAdams ar eitilt thar oíche. Dúirt an criticeoir scannáin ón New York Times, Manohla Dargis, go raibh Murphy mar a bheadh “picture-perfect villain,” go raibh cuma chomh fuar sin ar a shúilíní gorma go bhféadfaidís uisce a reo agus go raibh scéin ina fhéachaint dhrúisiúil fhaolchonda.

Ainmníodh Murphy le haghaidh roinnt duaiseanna mar gheall ar na páirteanna seo sa bhliain 2005, ina measc ainmniúchán don duais Meirleach is Fearr ag Gradaim Scannáin MTV 2006 don scannán Batman Begins. In Entertainment Weekly, airíodh Murphy i measc na "Summer MVPs" sa bhliain 2005, príomhscéal faoi dheichniúr siamsóirí a rinne sárléirithe ceannródaíocha. Scríobh David Denby ón bpáipéar The New Yorker, “Cillian Murphy, who has angelic looks that can turn sinister, is one of the most elegantly seductive monsters in recent movies.”

Breakfast on Pluto cuir in eagar

I ndiaidh Batman, ghlac Murphy dhá phríomhpháirt a bhí iontach éagsúil óna chéile agus dár thuill sé clú agus cáil: a léiriú de “Kitten,” an díbeartach trans-inscne sa scannán Breakfast on Pluto in 2005, ónar thuill sé ainmniúchán do dhuais Golden Globe, agus a pháirt mar réabhlóidí Éireannach ón mbliain 1920 sa scannán The Wind That Shakes the Barley, a bhuaigh duais Palme d’Or sa bhliain 2006.

Ag deireadh na bliana 2005 (tús na bliana 2006 san Eoraip), ghlac Murphy páirt Patrick “Kitten” Braden, dílleachta trans-inscne Éireannach a théann sa tóir ar a mháthair, sa gheandrámaíocht de chuid Neil Jordan, Breakfast on Pluto, scannán atá bunaithe ar an leabhar den teideal céanna le Patrick McCabe. Rinne Murphy triail aisteora don ról in 2001 agus cé gur cheap Jordan go mbeadh Murphy oiriúnach don pháirt bhí stiúrthóir The Crying Game idir dhá chomhairle faoi dhul i ngleic le hábhar trans inscne agus ábhar a bhain leis an I.R.A. arís. Ar feadh roinnt blianta, chuir Murphy brú ar Jordan an scannán a dhéanamh sula mbeadh an t-aisteoir róshean don pháirt. In 2004, d’ullmhaigh Murphy don ról trí bhualadh le trasfheisteoir a ghléas é agus a thug amach leis agus le trasfheisteoirí eile é go clubanna oíche. Thug Murphy faoi deara go raibh na daoine seo iontach deisbhéalach agus cheap sé gur fhorbair siad an tréith seo toisc go mbíonn orthu bheith de shíor ag freagairt do mhaslaí a bhíonn daoine claonta ag tabhairt dóibh.

In Breakfast on Pluto, scéal a thiteann amach i ndomhan ilghnéitheach dathúil d'éadaí rac drithleachta na 1970idí, seónna draíochta, ceantair na soilse deirge agus foréigean an I.R.A., feictear Murphy ag claochlú os ár gcomhair ó dhéagóir andraigíneach go trasfheisteoir taibhseach órfholtach. Dúirt Ruthe Stein ón San Francisco Chronicle, agus í ag trácht ar Murphy sa pháirt seo, go bhfuil fuinneamh iontach ag baint leis ar an scáileán, mar a léirigh sé roimhe sin in 28 Days Later agus in Red Eye. Dar léi ba rogha iontach é Murphy do ról an bhuachalla andraigínigh Kitten agus go n-éiríonn leis sleamhnú go caolchúiseach ón ngreann go dráma. Maidir leis an líne is fearr le Kitten, 'Oh serious, serious, serious!' tá Ruthe den bharúil go ndéanann Murphy é a chur i láthair “with the full implications of its dual meaning.” Cé go raibh ardmholadh á thabhairt do Murphy fiú sna léirmheasanna a fuair lochtanna sa scannán féin, níor mhol gach duine go spéir é as a pháirt: Cheap The Village Voice, a cháin an scannán, go raibh léiriú Murphy “unconvincing” agus róghleoite.

Ainmníodh Murphy do Dhuais Golden Globe sa chatagóir An tAisteoir is Fearr i Scannán Ceoil nó i Scannán Grinn dá pháirt sa scannán Breakfast on Pluto agus bhuaigh sé an tAisteoir is Fearr ag Gradaim Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann. In alt de chuid Premiere dar teideal “The 24 Finest Performances of 2005” liostaíodh Murphy i ról Kitten. Thug Entertainment Weekly onóir do thrí léiriú Murphy na bliana 2005 nuair a d'áirigh siad é san eagrán ag deireadh na bliana dar teideal “Great Performances of 2005.” In alt a tháinig amach ag deireadh na bliana 2005 in Back Stage, dúradh an méid seo a leanas faoi Murphy: “[he is] a chameleonic performer, a character actor trapped in a leading man's bone structure.”

The Wind That Shakes the Barley cuir in eagar

In 2006 (2007 i Meiriceá Thuaidh), bhí príomhpháirt aige in The Wind That Shakes the Barley, scannán Ken Loach faoi Chogadh Saoirse na hÉireann agus an Cogadh Cathartha. Bhuaigh an scannán duais Palme d’Or ag Féile Scannán Cannes in 2006 agus ba é an scannán neamhspleách ba rathúla riamh é ag díoloifig na hÉireann.

Is réalaí sóisialach é an stiúrthóir Loach agus déanann sé a scannáin a thaifead in ord. Maidir le roghnú na n-aisteoirí dá scannáin, tá sé iontach dian agus ní roghnaíonn sé ach aisteoirí arb as na ceantair lena mbaineann na scannáin. Mar sin de, ní thugann sé páirteanna d’aisteoirí mór le rá de ghnáth. Toisc gur bhain an scannán le Corcaigh, bhí seans ag Murphy cur isteach ar pháirt Damien O’Donovan, dochtúir óg a iompaíonn ina réabhlóidí, ach bhí air triail aisteora a dhéanamh faoi shé sula bhfuair sé an pháirt sa deireadh. Tá stair fhada ag teaghlach Murphy i gCorcaigh; le linn na tréimhse ina bhfuil The Wind That Shakes the Barley bunaithe lámhach saighdiúirí na Breataine a sheanathair toisc go raibh sé ag seinnt ceoil Ghaelaigh.[4]

Bhronn GQ UK a nduais d’Aisteoir na Bliana 2006 dá obair in The Wind That Shakes the Barley.

 
2017

Na páirteanna in 2007/2009 cuir in eagar

D’fhill Murphy ar an stáitse idir Samhain na bliana 2006 go dtí Feabhra na bliana 2007 i bpríomhpháirt dhráma John Kolvenbach, Love Song, in éineacht le Neve Campbell, sa West End i Londain. Bhí an phríomhpháirt aige mar fhisiceoir-spásaire in Aibreán na bliana 2007 (mí Iúil i Meiriceá Thuaidh) agus é mar dhualgas aige an ghrian a athadhaint sa scannán ficsean eolaíochta Sunshine. Bhí sé in éineacht leis an stiúrthóir Danny Boyle arís sa scannán sin. Bhí páirt aige sa scannán rómánsúil grinn Watching the Detectives in éineacht le Lucy Liu; léiríodh an scannán neamhspleách den chéad uair ag an bhFéile Scannán Tribeca 2007 agus dúradh go mbeadh sé le feiceáil Lá San Vailintín na bliana 2008, ach níor láithríodh é sna téatair mar go ndeachaigh an scannán caol díreach go foirm DVD.

Sa bhliain 2008, bhí an phríomhpháirt ag Murphy sa dráma rómánsach The Edge of Love,[5] Meascán de cheathairuilleog an ghrá agus scannán beathaisnéiseach a bhí ann, in éineacht le Keira Knightley agus Sienna Miller, agus ghlac Matthew Rhys páirt an fhile Dylan Thomas ann. Is féidir é a fheiceáil arís mar “Scarecrow” sa scannán The Dark Knight, an scannán leantach de Batman Begins.

Lean an scannán beathaisnéiseach Hippie Hippie Shake (in éineacht le Sienna Miller arís) sa bhliain 2009. Ghlac Murphy páirt Richard Neville, eagarthóir na hirise Oz, iris a bhí sícideileach, radacach agus faoi thalamh. Bhí an iris i gcroílár trialach sa bhliain 1971, arbh í an triail ab fhaide agus ba gháirsiúla í i stair na Breataine.

Bhí páirt aige in Peacock ina theannta sin. Scannán scéinséara, síceolaíoch is ea é a bhaineann le fear a bhfuil dhá phearsantacht aige agus a chuir an dallamullóg ar dhaoine gurb eisean a bhean chéile; ghlac Ellen Page páirt sa scannán mar bhean a bhíodh ina shaol fadó.

Bhí trí ról nua don scáileán leagtha amach do Murphy i gcomhair léirithe. Rinne sé Perrier’s Bounty i Samhain na bliana 2008, geandrámaíocht coire ó lucht déanta Intermission. An pháirt a bheidh aige sa scannán seo ná mionchoirpeach atá ar a theitheadh ó mheirleach. Is é Brendan Gleeson a ghlac pháirt an mheirligh. Bhí sé i gceist aige scannán beathaisnéiseach eile a dhéanamh ar a dtugtar, Dali & I:The Surreal Story , (a cuireadh ar coimeád mar gheall ar stailc aisteora féideartha) in éineacht le Al Pacino, aisteoir lena raibh dúil ag Murphy a bheith ag obair. Ba mar gheall ar scannán a chonaic sé mar dhéagóir, a raibh Pacino ag glacadh páirte ann sa bhliain 1973,

 
Peaky Blinders

2010idí cuir in eagar

Tá comhghuaillíocht rathúil ag Murphy le Christopher Nolan a thabharfadh sé scannán chugainn; dhá scannán Batman eile, Inception (2010) agus Dunkirk (2017). Taispeántas cuidsúlacha uaidh i gcónaí ach sáinnithe i róil thacaíochta.  Léirigh Anthropoid (2016), mar a raibh sé taobh le Jamie Dornan agus léiriú á dhéanamh acu ar an misean i rith an Dara Cogadh Domhanda leis an mbithiúnach Reinhard Heydrich a chur de dhroim seoil, go raibh sé breá in ann a bheith mar cheann feadhna.

Sé a ról mar Thomas Shelby sa tsraith Peaky Blinders (2013-2022) a rinne a chóta bán do Murphy. Léiriú iontach á thabhairt aige ar fhear buile cliste cráite.[6]

2020idí cuir in eagar

Sa bhliain 2023, chnag Nolan ar dhoras Christopher Nolan don séú babhta, ról eile aige dó, mar cheann feadhna an uair seo. Oppenheimer. Sa scannán, léirigh Murphy an t-eolaí taobh thiar den bhuama adamhach.[7]

In 2024, bhuaigh Murphy, gradam don Aisteoir is Fearr ag na BAFTAs as a léiriú sa scannán Oppenheimer.[8] Ar an 10 Márta 2024, bhan Murphy Gradam an Oscar don Aisteoir is Fearr amach i Los Angeles - an chéad duine de bhunú na tíre seo leis an ngaisce sin a bhaint amach. Chuir sé clabhsúr lena phíosa cainte ag trácht ar an scannán faoin bhfear a chum an buama adamhach.[9] "Tá muid ar fad anois bíodh sé maith nó olc, sa saol a chruthaigh Oppenheimer, mar sin ba mhaith liom an gradam seo a thiomnú do lucht na síochána i ngach áit."[2] Ba é Murphy rogha na coitiantachta don duais ach mar sin féin bhí air an fear maith a fháil ar fhathaigh amhail Bradley Cooper (Maestro) agus Paul Giamatti (The Holdovers).[6]

Gaeilge cuir in eagar

Cuimhneoidh lucht na Gaeilge ar an ngearrscannán grinn a rinne Murphy sa bhliain 2000, Filleann an Feall, mar a léiríonn sé duine den bheirt leadhb ó Bhaile Átha Cliath a tagann go Conamara le poitín a cheannach. Splanc bhreá idir é féin agus Don Wycherley agus a dhindiúirí grinn á léiriú go paiteanta aige.Tá an gearrscannán ar chúrsa Gaeilge na Sraithe Sóisearaí.

Agus tithe saoire ag muintir Murphy i nGaeltacht Chorca Dhuibhne is breá le Breandán Ó Mhurchú agus a mhac Ciarraí agus muintir na Gaeltachta. Cé gur Corcaíoch go smior é, tá dlúth-cheangal ag an aisteoir, ag a chlann agus ag a mhuintir le Fionn Trá agus Baile an Fheirtéaraigh le blianta fada.[10][11]

Gairm agus uaillmhianta cuir in eagar

Is minic a dhéanann criticeoirí trácht ar an dóigh a n-éiríonn leis páirteanna fíor-éagsúla a dhéanamh agus ar a shúile gorma sainiúla.

Is minic a bhíonn Murphy ag obair sa Bhreatain nó in Éirinn, agus níor chuir sé in iúl riamh go raibh fonn air bogadh go Hollywood. Is cosúil nach bhfuil sé ar a shuaimhneas os comhair an phobail i gcultúr an iomráiteachais agus cé go bhfuil sé de nós aige agallaimh a dhéanamh faoina chuid oibre, ní bhíonn sé go minic ar sheónna cainte ar an teilifís ná ní labhraíonn sé leis na meáin faoina shaol pearsanta.

Uaillmhianta cuir in eagar

Thaitin scannáin John Wayne le Murphy nuair a bhí sé ag fás aníos.

Sa bhliain 2005, dúirt sé go mba mhaith leis páirt an cheoltóra snagcheoil Chet Baker a ghlacadh.

Ba mhaith le Murphy obair leis an stiúrthóir Michael Gondry lá éigin; áirítear Johnny Depp, Meryl Streep agus Philip Seymour Hoffman i measc na n-aisteoirí a bhfuil súil aige go mbeidh sé ag obair leo.

Tá meas ag Murphy ar Jeff Bridges, Sean Penn, Edward Norton agus Joaquin Phoenix ina theannta sin. Nuair a d’iarr an iris, Jane, air cé acu de na ban-aisteoirí cáiliúla a mba mhaith leis a phógadh, roghnaigh sé Maggie Gyllenhaal agus dúirt sé gur “sionnach dathúil” í agus go raibh sí “cliste”.

Dúirt Murphy nach bhfuil sé ag iarraidh páirt an mheirligh a ghlacadh níos mó, mar nach dteastaíonn uaidh cáil a bheith aige mar aisteoir a ghlacann an pháirt chéanna i gcónaí. Ní theastaigh uaidh bogadh go Los Angeles mar gheall ar dhifríochtaí cultúrtha agus an fad óna chlann. In ainneoin sin, ceapann Murphy go mbeadh sé críonna agus chun tairbhe dó, go healaíonta, scannáin ó Hollywood a dhéanamh mar aon le scannáin bheaga neamhspleácha.

 
2017

Shaol pearsanta cuir in eagar

Phós Murphy a chailín a bhí ina cónaí leis le fada, Yvonne McGuinness, i lár na bliana 2004. Ealaíontóir is ea í a casadh air sa bhliain 1996 ag ceann dá chuid seónna rac-cheoil. Bhí an bheirt ina gcónaí ar an taobh thiar thuaidh de Londain lena mbeirt mhac óga a rugadh sna blianta 2005 agus 2007.

Tá an cháil ar Murphy a bheith drogallach agus é ag labhairt faoina shaol pearsanta. Is minic a thugann sé agallaimh faoina shaothar, ach ní bhíonn sé le feiceáil ar sheónna cainte na teilifíse ina mbíonn sé de nós ag aisteoirí labhairt faoina saolta príobháideacha. Níl stílí aige gan trácht ar bholscaire. Taistealaíonn sé gan lucht coimhdeachta agus is minic é i láthair premiére ina aonar. Tugann Murphy ─ atá cúthail agus príobháideach ─ le tuiscint go bhfuil easpa suime aige i gcultúr an iomráiteachais, agus admhaíonn sé gur “dúshlán” é an cairpéad dearg “nach bhfuil mé ag iarraidh a shárú”. Tá cleachtadh aige ar nós maireachtála nach mbeadh suim ag na táblóidigh ann agus is d'aonghnó a dhéanann sé sin. “Níor chruthaigh mé conspóid riamh, ní bhím in éineacht le mná, ní théim amach ar an ragairne.” Tá Murphy cairdiúil leis na comhaisteoirí Éireannacha, Colin Farrell agus Liam Neeson, agus tugann sé urraim do Neeson mar athair ionaid i saol na scannáin. Is iad siúd a bhí cairdiúil leis sula raibh sé mar réalta na cairde is gaire do Murphy go bunúsach.

Tá an ceol fós tábhachtach i saol Murphy. Dúirt sé sa bhliain 2004, “Níl de rudaí rabairneacha i mo shaol ach mo chóras steiréó, a bheith ag ceannach ceoil agus ag dul chuig ceolchoirmeacha.” Ní chasann sé ceol a thuilleadh ina bhanna rac-cheoil, ach is minic é a bheith ag casadh ceoil lena chairde agus ina aonar agus, fós, bíonn sé ag cumadh amhrán. Níl sé beartaithe aige banna nua a thosú, rud atá éagsúil ó mhórán d’aisteoirí atá ina gceoltóirí freisin.Fiú dá mbeinn go maith, ní thabharfaí aird orm go deo; d'fhéachfaí orm mar aisteoir a raibh banna ceoil agam mar chaitheamh aimsire.” Is reathaí tiomnaithe é Murphy ina theannta sin.

Tógadh é mar Chaitliceach sular iompaigh sé ina agnóisí nuair a bhí sé ina dhéagóir. Sa deireadh, d’iompaigh sé ina aindiachaí tar éis dó taighde a dhéanamh dá pháirt mar fhisiceoir/spásaire núicléach sa scannán ficsean eolaíochta, Sunshine. Is feoilséantóir le fada é, ní mar gheall ar agóid mhórálta i gcoinne mharú na n-ainmhithe, ach mar go raibh nósanna míshláintiúla a bhain le talamhghnó ag cur as dó. Cliamhain is ea é do John J. McGuinness, TD i bParlaimint na hÉireann. Ghlac Murphy páirt i bhfeachtas Rock the Vote Ireland 2007 agus é ag díriú ar vótálaithe óga don olltoghchán. Bhí sé i mbun feachtais ar mhaithe le cearta na ndíthreabhach leis an eagraíocht Focus Ireland freisin.

Aitheantas ar stáitse agus ar an scáileán cuir in eagar

Na Príomhscannáin cuir in eagar

Bliain Scannán Páirt Nótaí
1998 The Tale of Sweety Barrett Pat, an Fearr Beáir
1999 Sunburn Davin McDerby
The Trench Rag Rockwood
2001 On the Edge Jonathan Breech
How Harry Became a Tree (nó Bitter Harvest sna Stáit Aontaithe) Gus
Disco Pigs Darren/"Pig"
2002 28 Days Later Jim
2003 Zonad Guy Hendrickson níor scaoileadh amach é
Intermission John
Girl with a Pearl Earring Pieter
Cold Mountain Bardolph
2005 Batman Begins Dr. Jonathan Crane/Scarecrow
Red Eye Jackson Rippner
Breakfast on Pluto Patrick "Kitten" Braden
2006 The Wind That Shakes the Barley Damien O'Donovan
2007 Sunshine Robert Capa
Watching the Detectives Neil díreach chuig DVD
2008 The Dark Knight Scarecrow caimeo
The Edge of Love William Killick
Wave Riders Narrator clár faisnéise
2009 Hippie Hippie Shake Richard Neville
Peacock John Skillpa
Perrier's Bounty Michael
White Male Heart ní fios
Dali & I: The Surreal Story Stan Lauryssens
2012 Red Lights Tom Buckley
2012 Broken Mike
2012 The Dark Knight Rises Dr. Jonathan Crane/Scarecrow caimeo
2014 Aloft Ivan
2014 Transcendence Agent Donald Buchanan
2015 In the Heart of the Sea Matthew Joy

Gearrscannáin cuir in eagar

Bliain Scannán Páirt Nótaí
1997 Quando Pat
1999 Eviction Brendan McBride
At Death's Door The Grim Reaper, Jr.
2000 Filleann an Feall (tugtar The Treachery Returns air freisin) Ger
A Man of Few Words Finné Fir
2001 Watchmen Phil scríobh sé an script in éineacht leis an stiúrthóir Paloma Baeza
2006 The Silent City gan ainm
2009 The Water Mac
2013 Harriet and the Matches Cat (Guth)

Teilifís cuir in eagar

Bliain Scannán Páirt Nótaí
2001 The Way We Live Now Paul Montague mionsraith BBC
2013–2022 Peaky Blinders Thomas Shelby sraith theilifíse

Drámaíocht cuir in eagar

Dátaí Dráma Páirt Compántas Amharclainne
Meán Fómhair 1996–Eanáir 1999, lena n-áirítear camchuairteanna Disco Pigs le Enda Walsh Pig/Darren Compántas Amharclainne Corcadorca
1998 Much Ado About Nothing le William Shakespeare Claudio Comhpántas Amharclainne Bickerstaffe
Bealtaine-Meitheamh 1999 The Country Boy le John Murphy Curly Comhpántas Amharclainne Druid
Meán Fómhair 1999 Juno and the Paycock le Sean O'Casey Johnny Boyle Comhpántas Amharclainne Druid
Feabhra 2002 The Shape of Things le Neil LaBute Adam Amharclann Gate
Lúnasa 2003 The Seagull le Anton Chekhov Konstantine Féile Idirnáisiúnta Dhún Éideann
Camchuairt ó Fheabhra-Aibreán 2004 The Playboy of the Western World le John Millington Synge Christy Mahon Comhpántas Amharclainne Druid
December 2006–February 2007 Love Song le John Kolvenbach Beane Amharclann New Ambassadors
2010 From Galway to Broadway and back again. Christy Mahon Druid Theatre Company[12]
2011 Misterman Thomas Magill Galway Arts Festival

Royal National Theatre St. Ann's Warehouse Irish Times Theatre Award for Best Actor

2014 Ballyturk Galway Arts Festival

Olympia Theatre Cork Opera House Royal National Theatre

Físeáin ceoil cuir in eagar

Bliain Amhrán Ealaíontóir Nótai
2009 The Water Feist
2013 Hold Me Forever Money Stiúrthóir

Cluichí físeáin cuir in eagar

Bliain Teideal Ról Nótai
2005 Batman Begins Dr. Jonathan Crane/Scarecrow Guth

Gradaim agus Ainmniúcháin cuir in eagar

Gradaim Golden Globe cuir in eagar

  • Ainmnithe mar: Aisteoir is Fearr i Scannán, Scannán Ceoil nó Dráma Grinn (2006), Breakfast on Pluto

Gradaim BAFTA cuir in eagar

  • Ainmnithe mar: Duais Rising Star (2007)
  • Aisteoir is Fearr sa scannán Oppenheimer (2024)

Gradaim Acadamh Scannán agus Teilifíse na hÉireann cuir in eagar

  • Ainmnithe mar: An tAisteoir is Fearr i bPríomhscannán (2003, ceiliúradh débhliantúil Eanáir) Disco Pigs
  • Ainmnithe mar: An tAisteoir is Fearr i Scannán, agus an tAisteoir is Fearr/Vóta an Phobail (2003, An chéad cheiliúradh bhliantúil i mí na Samhna), 28 Days Later
  • Ainmnithe mar: An tAisteoir is Fearr i bPríomhscannán (2005), Red Eye
  • Ainmnithe mar: An tAisteoir Cúnta is Fearr i bPríomhscannán (2005), Batman Begins
  • Buaite: An tAisteoir is Fearr i Scannán Ceannais (2007), Breakfast on Pluto (ainmníodh é freisin don scannán The Wind That Shakes the Barley sa rannóg chéanna)
  • Ainmnithe mar: An tAisteoir i bPríomhpháirt i bPríomhscannán (2008), Sunshine

Gradaim eile cuir in eagar

  • Ainmnithe mar: An duine nua is fearr sna Gradaim Scannán Empire (2003), 28 Days Later
  • Ainmnithe mar: Gradaim Scannáin MTV, Léiriú Ceannródaíoch Fireann (2004), 28 Days Later
  • Ainmnithe mar: Gradaim London Film Critics Circle, Aisteoir Briotanach i bPáirt Cúnta (2005), Batman Begins
  • Ainmnithe mar: Gradaim Satellite, An Sáraisteoir is Fearr i Scannán, Scannán Ceoil nó Dráma Grinn (2005), Breakfast on Pluto
  • Ainmnithe mar: Gradaim Scannán Neamhspleácha na Breataine, An tAisteoir is fearr (2006), The Wind That Shakes the Barley
  • Ainmnithe mar: Gradaim Scannán na hEorpa, An tAisteoir Eorpach na Bliana (2006), The Wind That Shakes the Barley agus Breakfast on Pluto
  • Buaite: Féile Palic Scannán na hEorpa, An tAisteoir is fearr (2006), Breakfast on Pluto
  • Ainmnithe mar: Gradaim Scannán MTV, Meirleach is Fearr (2006), Batman Begins
  • Ainmnithe mar: Gradaim Saturn, An tAisteoir Cúnta is fearr (2006), Red Eye
  • Buaite: Gradaim GQ UK d’Fhir na Bliana, Aisteoir na Bliana (2006)
  • Ainmnithe mar: Gradaim Scannáin Neamhspleácha na Breataine, Aisteoir is fearr (2007), Sunshine

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. "28 Days Later" (as en) (2024-03-07). Wikipedia. 
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2024-03-11). ""Éireannach bródúil" - Gradam Oscar ag Cillian" (as ga-IE). 
  3. "‘Ná bac an fuilibiliú!’ – comhairle faoi na Oscars ag athair Chillian Murphy d’éisteoirí RnaG" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-01-25). Dáta rochtana: 2024-01-25.
  4. Dúirt an criticeoir Denby an méid seo agus é ag caint faoi chur chuige Murphy agus é ag dul i ngleic le páirt Damien: “Murphy is normally very quiet in movies; he has attained his mystique as an actor by staring at people with baby-blue eyes. In this film, too, he has, at times, a deep stillness, but he has idiosyncratic moments as well, such as when Damien has to execute a teen-ager who has ratted on the I.R.A. Murphy, writhing, shoots the boy and stumbles away, nausea struggling against duty.” Scríobh Kenneth Turan, scríbhneoir an Los Angeles Times, "Murphy is especially good at playing the zealotry as well as the soul-searching and the regret, at showing us a man who is eaten up alive because he's forced to act in ways that are contrary to his background and his training."[48] Agus dúradh in Scotland on Sunday, “Cillian Murphy ... exudes a doe-eyed sensitivity that is central to our emotional involvement in the character's development. He is not a macho figure itching for a fight, but a man of peace, reluctantly drawn to the use of force. When he makes a commitment to Irish independence, it is unyielding and entirely believable.”
  5. "The Edge of Love" (as en) (2024-02-13). Wikipedia. 
  6. 6.0 6.1 Breandán M Mac Gearailt (11 Márta 2024). "‘Go raibh míle maith agaibh!’ – an gaisce déanta ag Cillian Murphy" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-03-11.
  7. Conradh na Gaeilge, Londain (24 Feabhra 2024). "‎Nuacht Mhall (Baile Átha Cliath)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2024-02-24.
  8. RnaG (2023-08-01). "Róisín Ní Mhaoláin, Léirmheastóir." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-03-16.
  9. "‘Ón gcroí a thagann sé, ní bhíonn air aon chur i gcéill a dhéanamh’ – athair Chillian Murphy ‘an-mhórálach’ as" (ga-IE). Tuairisc.ie (2024-03-12). Dáta rochtana: 2024-03-16.
  10. Nuacht RTÉ (2024-03-11). "Iarthar Duibhneach ag ceiliúradh Chillian!" (as ga-IE). 
  11. RnaG (2024-01-24). "Breandán Ó Murchú;Trácht air a mhac,an t-aisteoir Cillian Ó Murchú. Deineann a athair,Breandán, cur síos anseo ar a mhac, agus an spéis a bhi aige san aisteoireacht agus é óg go maith." (ga-IE). RTE Radio. Dáta rochtana: 2024-03-16.
  12. "From Galway to Broadway and back again 2010 - Galway", Druid Theatre, 21 May 2010. Retrieved 26 Feabhra 2014.