Veigeatóireachas
Gan aon fheoil a bheith i gcothú duine is ea an veigeatóireachas. Glacann daoine an nós ar chúiseanna éagsúla - mar sampla, eitice, éiceolaíocha, nó reiligiúnda, srl. Is feoilséantóirí na daoine a leanann an feoilséanadh.
Veigeánachas
cuir in eagarTá daoine feoilséantacha a itheann táirgí ainmhithe cosúil le bainne is uibheacha, ach iad siúd a shéanann uibheacha, bainne is a fhotháirgí, agus feoil, is veigeáin (nó fíor-veigeatóirí) iad. Ní itheann cuid de na veigeatóirí táirgí déiríochta (.i. bainne, cáis, im, srl.), uibheacha, nó mil ach a oiread
Sláinte
cuir in eagarFéadfaidh an cothú feoilséantach a bheith níos sláintiúla ná cothú iliteach de bhrí go mbíonn níos lú saille ann, agus níos mó snáithíní is micreachothaitheach frithocsaídithe. Deirtear go bhfuil nasc ann idir feoil a ithe agus galar croí, mar aon le hailse sa phaincréas, san éasafagas, sa bholg agus sa stéig[1].
Níl mórán míbhuntáistí leis, ach amháin go mb'fhéidir go mbeidh easpa éigin iarainn fheidhmigh ann.
Maidir le veigeánachas, bíonn easpaí suntasacha ina leithéid de chothú, áfach, mar nach mbíonn dóthain cailciam, iarainn, since, nó vitimín B12 ann, agus is gá do veigeáin forlíonta cuí a thógaint[2].
Comhshaoil
cuir in eagarSéanann cuid eile feoil ar son an chomhshaoil.
Creideamh
cuir in eagarTá daoine éigin ina bhfeoilséantóirí as ucht a gcreidimh. Mar shampla, tá sé de nós ag Caitlicigh staonadh ón bhfeoil ar Aoine an Chéasta.
Tá Indiaigh agus Búdaithe ann nach n-itheann feoil leis na mílte bliain anuas, toisc gur idéal sa Hindúchas agus sa Bhudaíochas foréigean a sheachaint i leith gach créatúr beo.
Gorta
cuir in eagarB'fhéidir nach bhfuil feoil le fáil. Mar shampla in Éirinn, i gceantair chósta nó oileáin is mó a mhair pobail na Gaeltachta anuas go dtí ár n-aois féin,; "is dócha go bhféadfaidís dul gan feoil gan fadhb toisc go raibh go leor iasc acu ach ní fhéadfaidís staonadh ón iasc mar nach mbeadh mórán eile le n-ithe acu ina áit"[3].
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ "UniversityObserver.ie". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-10-24. Dáta rochtana: 2016-11-01.
- ↑ Hussey, Matt - Fréamh an Eolais (Coiscéim 2011)
- ↑ An Crónánaí