Ábhair a mhoillíonn ocsaídiú ábhar eile a bhíonn freagrach, nuair a ocsaídítear é, as tús a chur le hailse nó damáiste eile do na fíocháin. Uaireanta, feidhmíonn an frithocsaídeoir trína bheith ocsaídithe é féin. Sa cholainn dhaonna, feidhmíonn córais áirithe einsímí mar fhrithocsaídeoirí — forocsaíd frithshóáis, is vitimíní áirithe A, C is E, mar shampla —agus úsáidtear iad chun cóireáil ar airtríteas réamatóideach is galar Parkinson, agus mar chosaint i gcoinne ailse na conaire gastraistéigí. Tá ullmhóidí einsímí ar fáil mar phiollairí chun an cothú a fhorlíonadh agus faoiseamh a thabhairt ar an athlasadh a tharlaíonn i bhfoirmeacha difriúla airtrítis. Bíonn frithocsaídeoirí i láthair i mbianna áirithe mar leasaithigh freisin. Úsáidtear an téarma go príomha maidir le breiseáin i mbia, cosúil le haigéad ascorbach.

Struchtúr an fhrithocsaídeora, glútaitión

Taighde sláinte cuir in eagar

Gaol le réim bia cuir in eagar

Cé go dteastaíonn leibhéil áirithe frithocsaídeoirí vitimíní sa réim bia le haghaidh dea-shláinte, bíonn díospóireacht mhór ann fós an bhfuil gníomhaíocht frith-ghalair ag bianna nó forlíontaí atá saibhir i frithocsaídeoirí. Thairis sin, má tá siad tairbheach i ndáiríre, ní fios cé na frithocsaídeoirí atá ag cothú na sláinte sa réim bia agus cé mhéid sa bhréis atá ag teastáil sa bhreis ar an iontógáil tipiciúil aiste bia. [1][2]Earráid leis an lua: Closing </ref> missing for <ref> tag </ref>

Tagairtí cuir in eagar

  1. Stanner SA, Hughes J, Kelly CN, Buttriss J (May 2004). "A review of the epidemiological evidence for the 'antioxidant hypothesis'". Public Health Nutrition. 7 (3): 407–22. doi:10.1079/PHN2003543. PMID 15153272.
  2. Shenkin A (February 2006). "The key role of micronutrients". Clinical Nutrition. 25 (1): 1–13. doi:10.1016/j.clnu.2005.11.006. PMID 16376462.