Airtríteas réamatóideach
Galar meathlúcháin agus athlastach is ea an t-airtríteas réamatóideach.
Tuigtear go mbaineann an riocht seo le fabht éigin sa chóras imdhíonach. Sa chás seo, de réir dealraimh, na ceimiceáin a dhéanann an córas seo chun troid i gcoinne ionfhabhtaithe, ionsaíonn siad na hailt, díreach mar a bheadh ábhair choimhthíocha iontu, agus creimeann idir loingeán is chnámh.
Cuireann airtríteas isteach ar na scamhóga is na nearóga freisin, ach is iad na hailt is mó a bhíonn thíos leis.
Má bhuailtear alt, mar shampla sa drochaimsir, atann is deargann sé is bíonn sé pianmhar.
Leigheas
cuir in eagar- Níl aon leigheas cinnte air, ach tugann aspairín is drugaí nua mar chortasón, iobúróifein is indimeataicin faoiseamh ón ngalar.
- Is maith freisin scíth a ligean agus teas a chur leis an alt.
- Cabhraíonn aclaíocht ar leith a chuireann le láidreacht an ailt freisin.
Feidhmíonn córacha nua leighis ar cheimiceáin an chórais imdhíonaigh chun a dtiúchan nó a n-éifeacht a laghdú agus mar sin faoiseamh a thabhairt do dhuine. Tá ceann amháin, mar shampla, bunaithe ar antasubstaint mhonaclónach a ghreamaíonn le dromchla na T-chealla sa chóras imdhíonach. Nuair a bhíonn na T-chealla róghníomhach, spreagann siad an córas imdhíonach le fíocháin shláintiúla sna hailt a mhilleadh. Ansin nuair a bhíonn na hantasubstaintí monaclónacha greamaithe leis na T-chealla, laghdaítear ar a ngníomhaíocht siúd agus tugtar cosaint do na hailt. Ach má bhíonn an galar dofhulaingthe, is féidir alt saorga a ionchlannú in ionad an ailt nádúrtha, agus éiríonn go maith le hobráidí mar sin.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Deputy Director Nancy Garrick (2017-04-20). "Rheumatoid Arthritis" (en). National Institute of Arthritis and Musculoskeletal and Skin Diseases. Dáta rochtana: 2019-02-02.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Airtríteas réamatóideach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 28.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol faoin galar é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |