Cineama leathanscáileáin

Beagnach ó thús na scannánaíochta agus ar feadh 50 bliain, bhíodh íomhá le toisí 4 × 3 ann, is mar sin cóimheas aghaidhe an scáileáin sa phictiúrlann cothrom le 4/3, is é sin, leithead na híomhá 1.33 oiread níos mó ná a hairde. Scannán fótagrafach 35 mm a bhíodh in úsáid. I 1953, áfach, thug comhlacht 20th Century Fox CinemaScope isteach, inar bhain siad úsáid as scáileán dúbailte le cóimheas aghaidhe 2.35, beagnach dhá oiread a raibh ann go dtí sin. Bhí an-tóir ag an bpobal air seo, ach bhí gá le dóthain leithid ar bhalla tosaigh na pictiúrlainne chuige, rud nach raibh ar fáil go minic. Uaireanta, mar chomhghéilleadh, laghdaíodh airde na híomhá chun cóimheas aghaidhe 1.65-1.85 a bhaint amach ar an leithead pictiúrlainne a bhí ann. Baineadh feidhm as tomhais éagsúla scannán, agus níor mhair díobh ach an scannán 70 mm le cóimheas aghaidhe 2.2. É seo a bhíonn in úsáid sna córais IMAX is OMNIMAX, ach níl ach 200-300 pictiúrlann ar fud an Domhain atá lánoiriúnach dóibh. Táirgtear na príomhscannáin go léir sa bhfoirm leathanscannáin anois. Cóimheas aghaidhe 1.33 a bhí ag an teilifís go dtí le déanaí freisin, ach tá na córais á n-athrú chuig foirm leathanscáileáin ardghéire le blianta anuas.[1]

Cineama leathanscáileáin
  1. Hussey, Matt (2011). "Cineama leathanscáileáin". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 136.