Is éard a bhí i gceist leis an gclár Luna ná sraith misean rathúil chun na Gealaí a rinne na Sóivéadaigh i 1959-1976.

Ba é Luna 2 (1959) an chéad spásárthach a d'imbhuail dromchla na Gealaí, Luna 3 (1959) a thóg pictiúir den chéad uair den taobh thall den Ghealach, agus Luna 9 (1966) a rinne an chéad tuirlingt bhog ar an nGealach, ag tarchur pictiúir teilifíse ón dromchla. Rinne Luna 10 (1966) an chéad fhithisiú den Ghealach. D'éirigh le Luna 16 (1970) samplaí d'ithir na Gealaí a fháil go huathoibríoch is a thógáil ar ais ar Domhan, den chéad uair.

D'athrinne Luna 20 (1972) agus Luna 24 (1976) é seo. I 1970 scar Luna 17 amach an chéad ródaí uathoibríoch dromchla, Lunakhod 1, agus rinne Luna 20 arís é le Lunakhod 2 ar dhromchla na Gealaí i 1972.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Luna". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 423.