Clabhstra
San ailtireacht, is éard is clabhstra[1] ann ná bealach siúil cumhdaithe timpeall ar spás oscailte nó cúirt, le colúnáid nó stuabhealach mar thaobh inmheánach is balla soladach mar thaobh seachtrach. De ghnáth is i gclochair nó mainistreacha a fhaightear a leithéid, mar cheangal idir eaglais is codanna eile an fhoirgnimh. Go minic bíonn sé ag dul ó dheas ó chorp na heaglaise is siar ón gcroslann.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Niall Ó Dónaill agus Pádraig Ua Maoileoin, eag.: “An Foclóir Beag: clabhstra” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1991). Dáta rochtana: 2024-05-03.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Clabhstra". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 141.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |