Íomhá is ea claonchló[1] ina bhfuil scála na dton bunoscionn i leith an bhunradhairc, an geal macasamhlaithe ina dhorcha agus an dorcha ina gheal. I gclaonchló daite macasamhlaítear gach dath sa bhunradharc ina dhath comhlántach. Nuair a nochtar scannán i gceamara bíonn íomhá claonchló air tar éis a phróiseála, agus déantar cló dearfach uaidh sin chun pictiúr an bhunradhairc a tháirgeadh.[2]

Íomhá agus gnáthdhathanna uirthi (A) agus roinnt claonchlónna (B, C agus D)

Tagairtí cuir in eagar

  1. Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): claonchló” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2024-04-12.
  2. Hussey, Matt (2011). "Claonchló". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 142.