Planda ilbhliantúil atá dúchasach do dheisceart na hAfraice agus oiriúnaithe do choinníollacha tirime fásaigh. Péire amháin duilleog bliantúil, ata go mór le huisce agus cónasctha beagnach go hiomlán. Fásann an bláth, atá cosúil le nóinín, idir na duilleoga. Baineann gach saghas le saghas ar leith carraige, agus bíonn na bláthanna daite cosúil lena charraig féin. Sampla tearc d'aithris planda is ea é seo.[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Cloch bheo". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 144.