Cnapáin mhangainéise
Maiseanna ocsaídí miotal i gcnapáin a fhoirmíonn ar ghrinneall na farraige. Thángthas orthu den chéad uair le linn aistear an Challenger i 1873, agus sna príomhimchuacha aigéanacha ó shin ach amháin san Artach. Tugtar cnapáin fearómhangainéis nó ilmhiotal orthu freisin de bharr na n-ocsaídí a bhíonn iontu. Den chuid is mó bíonn siad saibhir i mangainéis is iarann, ach faightear copar, nicil, cobalt, tíotáiniam, agus miotail luachmhara trádála eile iontu. Tá spéis ag comhlachtaí is tíortha ina saothrú, ach níl dlí na mara ina bhfabhar.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cnapáin mhangainéise". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 150.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |