Comhshaolta beantacha
An crios muirí beatha ar ghrinneall na farraige, mar mhalairt ar na comhshaoil pheiligeacha san uisce féin. Samhlaítear dhá phríomhchuid. Tugtar comhshaolta beantacha éadoimhne orthu siúd i dtreo an chladaigh ó imeall na scairbhe ilchríochaí: sna comhshaolta seo bíonn fo-chrios amháin, a dtugtar an crios oschladachúil air, atá os cionn an lán mara (an crios lapadaíle) ar éigin mar a nochtar na horgánaigh don sáile trí lapadaíl na dtonnta is tonnta stoirme ó am go chéile, agus an rabharta. Luíonn an dara fo-chrios, an crios cladúil, idir an lán mara is an lag trá (an crios idirthaoideach). Agus luíonn an 3ú crios, an crios fo-chladúil, idir an lag trá is imeall na scairbhe ilchríochaí (an crios scairbhe). Tugtar comhshaolta beantacha doimhne ar chomhshaolta an imill ilchríochaigh is an aigéin amach ón imeall. Roinntear iad seo i bhfo-chrios beantach batach (ó imeall na scairbhe go doimhneacht 4,000 m), fo-chrios beantach aibhéiseach (4,000-6,000 m) agus fo-chrios beantach háidéach (6,000-11,000+ m). Ar an ngrinneall roinntear na gnáthóga beantacha éagsúla i ngrúpa amháin ina n-áitríonn na horgánaigh dromchla an ghrinnill den chuid is mó (eipeafánaí beantacha), agus grúpa eile ina n-áitríonn na horgánaigh an dríodar féin (ionfánaí beantacha).[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Comhshaolta beantacha". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 167.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |