Conaing Bececlach
I miotaseolaíocht na nGael, chomh-Ard-Rí seanscéalach na hÉireann lena (leath)dheartháir Eochaid Fíadmuine ab ea Conann Beageaglach (Sean-Ghaeilge Conaing Begeclach).
Cineál | duine |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Slí bheatha | rí agus monarc |
Náisiúntacht | Éire |
Tháinig siad i gcoróin tar éis dóibh an t-iar-ard-rí Eochaid Uairches a mharú. Bhí Conann i réim i dtuaisceart na tíre, Eochaid sa deisceart. Bhí siad i réim ar feadh cúig bliana nuair a mharaigh Lugaid Lámderg mac Eochadha Uairchis é Eochaid. De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, bhí Conann fós i réim sa tuaisceart, agus Lugaid an deisceart. De réir Annála na gCeithre Máistrí áfach, chuir Lugaid Conann as cumhacht agus rinneadh ina Ard-Rí é ar fud na tíre go léir. Seacht mbliana ina dhiaidh sin, mharaigh Conann Lugaid agus rinneadh ina Ard-Rí aonar ar feadh deich nó fiche bliain a thuilleadh, sular mharaigh Art mac Lugdach é.
Is doiléir í a dtuismíocht. De réir na bhfoinsí (LGÉ, FFÉ, ACM):
- mic Congal mac Lugaid Cal as Corca Laoi, Contae Chorcaí iad beirt.[1]
- mac Congal é Eochaidh, mac Dui Temrach mac Muiredach Bolgrach é Conaing.[1]
- máthair chéanna acu beirt
- agus í máthair Eochadha Uairchis.
- mic Dui Temrach iad beirt[2]
- mic Congal Coscarach mac Dui iad beirt.[3]
Achar ama
cuir in eagar- Leabhar Gabhála na hÉireann: Artaxerxes I (465–424 RC) agus Darius II (423–404 RC) na Peirse.
- Foras Feasa ar Éirinn: 621–599 RC.
- Annála na gCeithre Máistrí: 844–812 RC.
Sa seanscéal Do suidigud tellaich Temra ("Lonnaíocht Teaghlach Teamhrach") ámh, tharla céasadh Chríost i rith a réime.[4]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ 1.0 1.1 R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 255-257
- ↑ Foras Feasa ar Éirinn, 1.27
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, M4356-4361
- ↑ R. I. Best (eag. & aistr.), "The Settling of the Manor of Tara", Ériu 4, 1910, ll. 121-72
Roimh Eochaid Uairches |
Ard-Rí na hÉireann | Tar éis Art mac Lugdach | ||
le Eochaid Fíadmuine LGÉ 5ú haois RC FFÉ 621–616 RC ACM 844–839 RC |
le Lugaid Lámderg LGÉ 5ú haois RC FFÉ 616–609 RC ACM 839–832 RC |
ina aonar LGÉ 5ú haois RC FFÉ 609–599 BC ACM 832–812 RC |