Eochaid Uairches
rí Éireannach
I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí seanscéalach na hÉireann ba ea Eochaidh Uaircheas (Eochu nó Eochaid Uairches[1]) mac Lugaid Íardonn.
Cineál | duine |
---|---|
Dáta | |
Inscne | fireann |
Slí bheatha | rí |
Náisiúntacht | Éire |
Muintir | |
Athair | Lugaid Íardonn |
Leanaí | Lugaid Lámderg |
I ndiaidh do Lugaid a athair Sírlám a mharú, chuaigh Eochaid ar deoraíocht thar lear. Tháinig sé ar ais tar éis dhá bhliain déag, mharaigh Síorlámh le saighead, agus thóg an choróin. Ní soiléir é a bhua-ainm, de réir na staraithe: deirtear i Lebor Gabála Érenn gur de bharr a dheoraíocht é;[2] de réir Sheathrúin Chéitinne ámh, ciallaíonn sé "bare canoes", toisc go raibh loingeas dá leithéid aige chun slad a dhéanamh ar tíortha in aice láimhe.[3] Bhí sé i réim ar feadh dhá bhliain déag sular mharaigh Eochaid Fíadmuine agus Conaing Bececlach é.
Achar ama
cuir in eagar- Leabhar Gabhála na hÉireann: Artaxerxes I na Peirse (465–424 RC).
- Foras Feasa ar Éirinn: 633–621 RC.
- Annála na gCeithre Máistrí: 856–844 RC.[4]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ úar, fuar (f próistéiseach); 3 ces, ga, sleá; ar eDIL
- ↑ R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 255-257
- ↑ Foras Feasa ar Éirinn 1.27
- ↑ Annála na gCeithre Máistrí, M4344-4356
Réamhtheachtaí Sírlám |
Ard-Rí na hÉireann LGÉ 5ú haois RC FFÉ 633–621 RC ACM 856–844 RC |
Comharba Eochaid Fíadmuine agus Conaing Bececlach |