Eochaid Fíadmuine

rí Éireannach

I Miotaseolaíocht na nGael, leath-Ardrí seanscéalach na hÉireann lena (leath)dheartháir Conaing Bececlach ba ea Eochaidh Fiamhuine (Sean-Ghaeilge Eochaid Eochu Fíadmuine).

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarEochaid Fíadmuine
Cineálduine Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Slí bheatha Cuir in eagar ar Wikidata
NáisiúntachtÉire Cuir in eagar ar Wikidata

Tháinig siad i gcoróin tar éis dóibh an t-iar-ardrí Eochaid Uairches a mharú. Bhí Eochaid i réim i ndeisceart na tíre, Conaing sa tuaisceart. Bhí siad i réim ar feadh chuig bliana nuair a mharaigh Lugaid Lámderg mac Eochadha Uairchis é Eochaid. De réir Leabhar Gabhála na hÉireann, bhí Conaing fós i réim sa tuaisceart, agus Lugaid an deisceart. De réir Annála na gCeithre Máistrí áfach, chuir Lugaid Conaing as cumhacht agus rinneadh ina Ard-Rí é ar fud na tíre go léir.

Is doiléir í a dtuismíocht. De réir na bhfoinsí (LGÉ, FFÉ, ACM):

  • mic Congal mac Lugaid Cal as Corca Laoi, Contae Chorcaí iad beirt.[1]
  • mac Congal é Eochaidh, mac Dui Temrach mac Muiredach Bolgrach é Conaing.[1]
    • máthair chéanna acu beirt
    • agus í máthair Eochadha Uairchis.
  • mic Dui Temrach iad beirt[2]
  • mic Congal Coscarach mac Dui iad beirt.[3]

Achar ama cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 R. A. Stewart Macalister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn: The Book of the Taking of Ireland Part V, Irish Texts Society, 1956, ll. 255-257
  2. Foras Feasa ar Éirinn, 1.27
  3. Annála na gCeithre Máistrí, M4356-4361
Réamhtheachtaí
Eochaid Uairches
Ard-Rí na hÉireann
(le Conaing Bececlach)

LGÉ 5ú haois RC
FFÉ 621–616 RC
ACM 844–839 RC
Comharba
Lugaid Lámderg
agus Conaing Bececlach