Conall mac Maoil Chobha

rí in Éirinn sa 7ú haois
(Athsheolta ó Conall mac Máele Coba)

Ard-Rí na hÉireann a mheastar ba ea Conall mac Maoil Chobha (Sean-Ghaeilge Conall mac Máele Coba) (bás 654) ar a glaodh Conall Caol (Conall Cóel) air. Maol Cobha mac Aodha (bás 615) ba ea a athair.[1][2][3] Bhí sé i gcoróin ó 643 go 654.[4]

Infotaula de personaConall mac Maoil Chobha
Beathaisnéis
Bás654
Ardrí na hÉireann
642 – 654
← Domhnall mac AodhaBlathmac mac Aodha Sláine, Diarmaid mac Aodha Sláine → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachUí Néill an Tuaiscirt Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMaol Cobha mac Aodha

De réir annála Éireann bunaithe ar Chroinic na hÉireann, chomh-Ard-Rí ba ea é lena dheartháir, Ceallach mac Maoil Chobha, tar éis bhás a n-uncail, Domhnall mac Aodha sa bhliain 642. Deirtear i nAnnála Uladh don bhliain 643:

Hic dubitatur quis regnauit post Domhnall. Dicunt alii historiagraphi regnasse .iiii. reges, .i. Cellach & Conall Cael & duo filii Aedho Slane mc. Diarmada mc. Fergusa Cerrbheoil mc. Conaill Cremthainde mc. Neill Naoighiallaig, .i. Diarmait & Blathmac, per commixta regna.[5]
Tá amhras ann cé a bhí i réim i ndiaidh Domhnaill. Deir roinnt staraithe gur rialaigh ceathrar ríthe, .i. Ceallach agus Conall Caol agus beirt mhac Aodha Sláine..., .i. Diarmaid agus Blathmac, i gcomhréimis a chéile.

Comhghuaillthe Dhomhnaill a bhí na ceithre chomharbaí uile, nuair a cloíodh Conall Caoch ag Cath mór Mhaigh Roth sa bhliain 637, agus d'fhéadfadh é dáiríre go raibh an ceathrar i réim le chéile. Insítear go raibh Conall i gceannas arm Dhomhnaill ag Cath Shailtír, cath cabhlaigh a tharla ar an lá gcéanna, inár cloíodh cabhlach Chineál Eoghain agus Dál Riada.[6][7]

De réir na ríliosta, bhí Ceallach agus Conall i gcoróin roimh Diarmaid agus Blathmac.[8] Ní fheictear Ceallach nó Conall ámh sa ríliosta is luaite, Buile Choinn.[9]

Sa tuaisceart, thug a gcol ceathrar a dhúshlán iad, ach chloígh Conall agus Ceallach é ag Cath Dhún Criomhthainn sa bhliain 650.[10][11][12]

Maraíodh Conall Caol sa bhliain 654. Deirtear i ngluais le hAnnála Uladh, athinste i nAnnála na gCeithre Máistrí gur mharaigh Diarmaid é.[13][14]

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Batsford, Londain, 1973. ISBN 0-7134-5882-8
  • Charles-Edwards, T.M., Early Christian Ireland. Cambridge University Press, Cambridge, 2000. ISBN 0-521-36395-0
  • Mac Niocaill, Gearoid (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
  • "Cellach mac Máele Coba (d. 658)". Oxford Dictionary of National Biography (2004).

Tagairtí cuir in eagar

  1. Byrne, Tábla 4
  2. Charles-Edwards, Aguisín IV
  3. Mac Niocaill, lch. 153
  4. Tugtar réimeas 15 bliain do sna ríliostaí sa Leabhar Laighneach, agus Sioncronachtaí Laud 14 bliain
  5. Annála Uladh, AU 643.7
  6. AU 637.1
  7. Mac Niocaill, lch. 96
  8. Charles-Edwards, lch. 485
  9. Charles-Edwards, lch. 484
  10. AU 650.2
  11. Annála Tiarnaigh, AT 650.2
  12. Mac Niocaill, lch. 98
  13. AU 654.1
  14. Mac Niocaill, lch. 98


Réamhtheachtaí
Domnall mac Áedo
Ard-Rí na hÉireann
640-656
Comharba
Diarmait mac Áedo Sláine agus Blathmac mac Áedo Sláine