Tugtar cró ar an oscailt, ciorclach de ghnáth, a dtagann an solas isteach i gcóras optúil tríd, mar a tharlaíonn le lionsa ceamara. Go minic bíonn sé inchoigeartaithe maidir lena thrastomhas, trí mheán an tseallspiara, chun déine an tsolais a tharchuirtear tríd a rialú. Tugtar stopchóras an lionsa air seo. Sa chineamatagrafaíocht, is é an oscailt dhronuilleogach sa cheamara ina gcoinnítear gach fráma den scannán fosaithe le linn a nochta, agus sa chás sin tugtar geata an scannáin air.

An cró i lionsa cheamara Cannon 50mm f1.8 II