Crómatachas
Airí ceoil a bhaineann feidhm as nótaí, idirchéimeanna is cordaí taobh amuigh den phríomhghléas. Tugtar nóta crómatach nó leatonach ar nóta nach bhfuil sa scála diatonach. Ba réamhtheachtaire é beart i dtreo foirceann an chrómatachais ag Wagner, mar shampla, sa 19ú céad, agus ar thréigean na tonúlachta i gceol Schoenberg is cumadóirí eile sa 20ú céad.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Crómatachas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 186.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |