I dturgnaimh sa bhfisic adamhach, an fhisic núicléach, agus fisic na gcáithníní go ginearálta, déantar léas cáithníní a imbhualadh le targaid d'ábhar ar leith agus anailísítear scaipeadh thorthaí an imbhuailte, an fhairsinge a léiríonn adaimh, núicléis nó cáithníní fonúicléacha an ábhair sin don léas cáithníní. Braitheann sé ar fhuinneamh na gcáithníní ionsaitheacha is na hidirghníomhaíochtaí a tharlaíonn. Úsáidtear an tsiombail σ dó, agus san aonad m2 a thomhaistear é. Tá seanaonad ann a úsáidtear uaireanta fós, an barn (1 barn = 10-28 m2).[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Crosghearradh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 186.