Cuileog ghlas
(Athsheolta ó Cuil ghlas)
Aifid bhogcholainne a itheann trí shúlach plandaí a shú. Colainn ramhar ghlas ag an mbaineannach, gan sciatháin; an fireannach níos dorcha. Tálann sí drúcht meala, agus uaireanta déanann seangáin freastal uirthi. Timthriall casta beatha aici, agus táirgtear suas le 10 nglúin gach bliain ar mhodh neamhghnéasach. Is lotnaid an-suntasach í nuair a bhíonn sí an-fhlúirseach.[1]
Myzus persicae | |
---|---|
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Arthropoda |
Aicme | Insecta |
Ord | Hemiptera |
Fine | Aphididae |
Géineas | Myzus |
Speiceas | Myzus persicae Sulzer, 1776 |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Cuileog ghlas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 191.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |