Tá 150 speiceas san fhine Muscicapidae (ga: cuilirícuilsealgairí) atá dúchasach don seandomhan; tá dhá chlann mhóra eile sa chuid eile den domhan. Is baill d'fhine na Passeridae iad.[1]

WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoMuscicapidae Cuir in eagar ar Wikidata

cuilire liath Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamChordata
AicmeAves
OrdPasseriformes
ForfhineMuscicapoidea
FineMuscicapidae Cuir in eagar ar Wikidata
Vigors, 1825

Tréithe cuir in eagar

Tá sciatháin ghearra leathana ar an cuilire. Seilgeann sé cuileoga eitilte trí shaghas luíocháin, ag fanacht ar chrann nó claí, agus nuair a théann cuileog thart, amach leis de rúid chun í a ghabháil.

Caitheann an cuilsealgaire liath an geimhreadh i ndeisceart na hAfraice, agus bíonn in Éirinn ó Bhealtaine - go Meán Fómhair.

Tógann sé a nead ar bhalla nó stoc crainn as caonach is gruaig. Tógann sé ál amháin sa bhliain. Más fliuch an samhradh, ní dhéanann sé go maith, ceal cuileog.[2]

Tagairtí cuir in eagar

  1. forasnagaeilge.ie. "[Líon an Dúlra https://www.forasnagaeilge.ie/wp-content/uploads/2015/06/Summer-2014-Samhradh-2015-3.pdf]". Dáta rochtana: 2020.
  2. Hussey, Matt (2011). "Cuilsealgaire". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 191.