Cuisle (fiseolaíocht)

preab na fola
(Athsheolta ó Cuisle (irisleabhar))

Brúthonn a ghineann bualadh an chroí, an méadailín clé go háirithe, chun an fhuil a dhíchur isteach i gcóras na bhfuileadán. Is ionann an oiread frithbhuailtí sa nóiméad is ráta an chroí. I ndaoine, is é 70-90 é le linn suaimhnis, ag méadú le linn aclaíochta, feirge is fiabhrais, ag laghdú le linn dúlagair. Is féidir na forbairtí is na crapthaí ailtéarnacha sna hartairí gar do dhromchla na colainne a mhothú (agus a fheiceáil, uaireanta) mar chuisle. Braitear an ráta bíogtha de ghnáth le barra na méar a chur go bog ar thaobh istigh na rí go díreach os cionn an rosta (an bualadh gathach).[1]

Cuisle
  1. Hussey, Matt (2011). "Cuisle". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 192.