Cyril Cusack
Aisteoir Éireannach ar an stáitse agus sna scannáin ba ea Cyril Cusack (26 Samhain 1910 – 7 Deireadh Fómhair 1993)[1]. Ghlac se páirt i mbreis is 130 scannán agus clár teilifíse agus bhí an-tóir ag lucht scannánaíochta air in Éirinn, sa Ríocht Aontaithe agus in Hollywood araon. De réir Tuairisc.ie, bhí Cusack ar dhuine de na haisteoirí ab fhearr a bhí riamh againn.[2]
(1972) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (en) Cyril James Cusack 26 Samhain 1910 Durban, An Afraic Theas |
Bás | 7 Deireadh Fómhair 1993 82 bliana d'aois Londain, England |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Scléaróis chliathánach amatrófach) |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Coláiste an Droichid Nua |
Gníomhaíocht | |
Gairm | aisteoir, aisteoir scannáin, aisteoir stáitse, aisteoir teilifíse |
Tréimhse oibre | 1918 – |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Teaghlach | |
Céile | Maureen Cusack (1945–) |
Páiste | Niamh Cusack, Catherine Cusack, Sinéad Cusack, Sorcha Cusack, Pádraig Cusack |
|
Thosaigh sé ar a ghairm le linn luathlaethanta scannáin thostacha na hÉireann agus d’éirigh leis an lucht féachana a mhealladh ina dhiaidh sin ar an stáitse, ar an scáileán agus ar an teilifís. Bhí tóir ag go leor glúnta éagsúla ar Cusack le linn a 75 bliain lena ghairm. Do roinnt acusan ba réalta scannáin é a bhí le feiceáil i mórscannáin Hollywood. Do ghlúnta eile ba é Uncle Peter é in Glenroe.
B’aisteoir, file, drámadóir agus fear mór Gaeilge a bhí ann.[2]
Saol
cuir in eagarRugadh Cusack i nDurban, san Afraic Theas. Chuir sé tús lena chuid aisteoireachta ar an scáileán agus gan é ach 8 mbliana d’aois i gceann de na chéad scannáin a taifeadadh riamh in Éirinn, an mórscannán tostach Knocknago
Rinne sé staidéar i gColáiste an Droichid Nua (Newbridge as Béarla) i gCo. Chill Dara agus Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath.
Aisteoir díograiseach a bhí ann ina luathshaol. I measc na scannán a rinne sé thar lear, Odd Man Out in éineacht le James Mason, The Spy Who Came in From the Cold le Richard Burton, The Day of the Jackal, le Edward Fox, chomh maith leis na sárscannáin amhail 1984, Harold and Maude, Fahrenheit 451 agus My Left Foot.[2]
Dlúthchara le Cearbhall Ó Dálaigh a bhí ann (cúigiú hUachtarán na hÉireann). Nuair a shroich an scannán de chuid Disney Darby O'Gill and the Little People na pictiúrlanna in Éirinn, rinne an bheirt acu agóid le chéile, mar gheall ar an droch-steiréitíopa d'Éireannaigh a bhí curtha i láthair.
Saothar Gaeilge
cuir in eagar- ar an raidió, mar shampla bhí Cusack agus Aisteoirí Chéitinn páirteach in Dúirtse Dáirtse leis an mBantiarna Gregory. Cyril Cusack a léirigh an dráma raidió seo sna 1930idí[3].
- mar dhrámadóir Gaeilge, mar shampla Tar Éis an Aifrinn, (1942).[4] Léiríodh an dráma aonghnímh seo in Amharclann an Gheata, BÁC, i mí Eanáir na bliana 1942.[5]
- mar aisteoir Gaeilge, mar shampla Poitín (scannán) (1977).
- mar léiritheoir Gaeilge, mar shampla le haghaidh an Chomhair Drámaíochta i mBaile Átha Cliath sna 1930idí go háirithe.[6]
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ Cuntas iarbháis, NY Times
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Tuairisc. "https://twitter.com/feilire/status/939264274156924928" (ga). Twitter. Dáta rochtana: 2022-12-08.
- ↑ "Ó hALMHAIN, Diarmuid (1908–1980)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2020-10-08.
- ↑ [nasc briste go buan] Playography]
- ↑ Kennys.ie. "Tar Éis an Aifrinn". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-11-27. Dáta rochtana: 2020.
- ↑ Irish Times, 17 Lúnasa 2011