Dáithí Coimín

gníomhaí ar son na Gaeilge sa 19ú haois

Athbheochanóir Gaeilge as Cill Rois, Contae an Chláir ba ea Dáithí Coimín (nó Dáithí Ó Coimín) (1854–1907).[1] Bhí sé ina chomh bhunaitheoir Chumann Buan-Choimeádtha na Gaedhilge agus ina eagarthóir Irisleabhar na Gaedhilge.

Infotaula de personaDáithí Coimín
Beathaisnéis
Breith13 Bealtaine 1854
Bás21 Feabhra 1907
52 bliana d'aois
Áit adhlacthaReilig Ghlas Naíon Cuir in eagar ar Wikidata

John Comyn agus Keat Hassett ba ea tuistí Dháithí, agus baisteadh é i gCill Rois ar an 14ú Bealtaine 1854.[2]

Bhog sé go Baile Átha Cliath agus é fostaithe mar chléireach sa Bhanc Náisiúnta. In am trátha, bheadh a shíniú féin ar a gcuid nótaí bainc.

D'oibrigh Ó Coimín go díograiseach in ár sin athbheochan na Gaeilge. Ba bhall d'Acadamh Ríoga na hÉireann é, an chéad eagarthóir d'Irisleabhar na Gaedhilge, agus d'eagraíodh agus chuir sé gluaiseanna ar Foras Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn, ar son an Irish Texts Society as Londain.

Faoin mbliain 1901, bhí cónaí air ag 43 Cearnóg Brighton i Ráth Maonais.[3]

D'éag sé abhaile de ciorróis ae ar an 22ú Eanáir 1907. Adhlacadh é i Reilig Ghlas Naíon.[4] D'fhág sé eastát le luach £4,464 12s. 9d.[5] D'fhág sé a chuid leabhar agus lámhscríbhinní ag Leabharlann Náisiúnta na hÉireann.[6]

Tá Gaelscoil Uí Choimín ina pharóiste dúchais ainmnithe as.[7]

Naisc sheachtracha

cuir in eagar