Díraonadh leictreon
Iarmhairt trasnaíochta a tharlaíonn nuair a théann léas leictreon isteach i solad agus a scaiptear iad ag cisil leanúnacha adaimh an tsolaid. Bíonn patrún ar leith déine sa léas leictreon a thagann tríd an solad, ar féidir eolas ar struchtúr adamhach an ábhair a dhíorthú uaidh. Tá an iarmhairt seo an-áisiúil i staidéar ar dhromchlaí, mar ní threánn na leictreoin luchtaithe ródhomhain in ábhair sholadacha. Ba iad na fisiceoirí Meiriceánacha Clinton Davisson (1881-1958) is Lester Germer (1896-1971) a bhraith an iarmhairt seo den chéad uair, agus bhí sí an-tábhachtach chun déacht toinne is cháithnín an leictreoin a léiriú is a chruthú.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Díraonadh leictreon". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 214.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |