Damba

constaic a ghaibhníonn uisce nó srutháin faoi thalamh

Bac is ea damba, déanta as clocha, cré, coincréit, chun srian a choimeád ar uisce. De ghnáth déanann sé gnó eile freisin, mar shampla, cumhacht do ghineadóir hidrileictreach, uisciú, tuilte a smachtú.

WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Damba
Íomhá
Úsáidflood defense (en) Aistrigh, fuinneamh agus cumhacht hidrileictreach, Uisciú, fíoruisce, aquaculture (en) Aistrigh, navigability (en) Aistrigh, outdoor recreation (en) Aistrigh agus taiscumar

Más damba carraigeacha is cré é, ní mór an dromchla in aghaidh an tsrutha a dhéanamh díonach ar uisce.

Cineálacha éagsúla dambaíCuir in Eagar

Is féidir le damba coincréite a bheith ina dhamba domhantarraingthe (seasann brú an uisce lena mheáchan amháin) nó ina dhamba aonstuach nó ilstuach.

  • Aonstuach. Cuirtear damba aonstuach i gcainneon caol le ballaí carraigeacha, agus seasann na ballaí seo an brú ar aghaidh srutha an damba.
  • Ilstuach. I ndamba ilstuach, úsáidtear tacaí taobh thiar de chun an brú ollmhór a sheasamh. Sa tSín a bhí na dambaí is seanda atá ar an taifead, ón 6ú haois RC.

SamplaíCuir in Eagar

TubaistíCuir in Eagar

 
Polladh an damba Mohne, An Ghearmáin ar an 17 Bealtaine 1943
  • Ar an 12 Márta 1928, theip ar Dhamba San Proinsiais lastuaidh de Los Angeles i gCalifornia. Fuair 600 duine bás dá bharr.
  • Rinneadh bearna sa damba Mohne, sa Ghearmáin ar an 17 Bealtaine 1943 (obráid "Chastise"[1] sa Dara Cogadh Domhanda).
  • Rinneadh bearna sa damba Banqiao sa Chúige Henan ar an 7/8 Lúnasa, an teip dhamba ba mhó ariamh i stair an domhain,[2] agus polladh dambaí eile sa tSín ag an am céanna. Fuair tuairim is 26,000 duine bás go díreach sna tuilte féin, an figiúr oifigiúil ach seans i bhfad níos mó. D'éag b'fhéidir 100,000 nó 200,000 sa ghorta agus galair a tháinig ina dhiaidh.[3]
     
    Buama
     
    Eitleán Lancaster, an "Dambuster"

Féach freisinCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. https://en.wikipedia.org/wiki/Operation_Chastise
  2. "1975 Banqiao Dam failure" (as en) (2022-08-07). Wikipedia. 
  3. "The 16 deadliest storms of the last century". Business Insider. Dáta rochtana: 2022-08-08.