Daniel Gabriel Fahrenheit
Fisiceoir a rugadh i nGdańsk na Polainne (Danzig na Gearmáine ag an am) ab ea Daniel Gabriel Fahrenheit (24 Bealtaine 1686 – 16 Meán Fómhair 1736).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 24 Bealtaine 1686 Gdańsk |
Bás | 16 Meán Fómhair 1736 50 bliana d'aois an Háig |
Áit adhlactha | Kloosterkerk (en) |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Fisic |
Suíomh oibre | Amstardam (1717–1717) An Danmhairg (1708–1708) Amstardam (1702–1706) An Háig |
Gairm | fisiceoir, déantóir uirlisí, cumadóir, ceimiceoir |
Ball de | An Cumann Ríoga (1724–) |
Teangacha | An Ghearmáinis |
Saothar | |
Saothar suntasach | |
Teaghlach | |
Céile | luach ar iarraidh |
Gradam a fuarthas | |
San Ísiltír a chaith sé an chuid ba mhó dá shaol. D'fhionn sé an teirmiméadar alcóil sa bhliain 1709, agus chuir mearcair in ionad alcóil sa teirmiméadar den chéad uair i 1714. D'fhionn sé scála teochta Fahrenheit. Ar an scála seo, is é 32 °F reophointe an uisce is 212 °F fiuchphointe an uisce, agus 180 céim chomhionann eatarthu.
Sa teirmiméadar mearcair i ngloine, nuair a éiríonn an teocht forbraíonn an mearcair níos mó ná an ghloine, agus ritheann mearcair suas an feadán grádaithe. Bíonn na grádaithe marcáilte le luachanna teochta (i gcéimeanna Celsius de ghnáth anois) a dheimhnítear ag teochtaí atá ar eolas trí phróiseas calabraithe (grádaithe). D'fhionn Gabriel Fahrenheit an chéad teirmiméadar rathúil mar seo sa bhliain 1714.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Gabriel Daniel Fahrenheit". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 252.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |