Dara Ó Conaola

scríbhneoir Éireannach

Scríbhneoir Gaeilge is ea Dara Ó Conaola. Foilsíodh a chéad leabhar gearrscéalta, Mo Chathair Ghríobháin, i 1981. Foilsíodh leabhar gearrscéalta dar teideal Night Ructions i 1990 — ocht ngearrscéal, aistrithe go Béarla ag Gabriel Rosenstock.[1] Seoladh an leabhar ag Féile Litríochta an Sunday Times i 1990, sa Gelli Gandryll, an Bhreatain Bheag.

Infotaula de personaDara Ó Conaola
Beathaisnéis
Breith1945
78/79 bliana d'aois
Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge

Luathshaol cuir in eagar

Rugadh Ó Conaola i 1945 in Inis Meáin, agus oileadh mar cheardaí agus mar mhúinteoir adhmadóireachta é sna 1960idí. Chaith sé tamall ina chónaí i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath, áit ar chas sé lena bhean chéile, Pacella, gaol de chuid na n-ealaíontóirí Albert Power agus May Power. Tar éis di oiliúint a fháil in Acadamh Grafton sa Dearadh Faisin, chuir siad fúthu in Inis Oírr, áit ar thóg siad a gceathrar clainne. Is í an t-amhránaí Lasairfhíona an duine is sine, agus an t-aon iníon atá acu.[2][3][4] Nuair a fuair uncail de chuid Dara bás in Inis Oírr, ghabh siad seilbh ar a theach, agus bhunaigh siad siopa ceardaíochta ann.

Scríbhneoireacht cuir in eagar

I 1992, d’fhoilsigh sé úrscéilín dar teideal Misiún ar Muir/Sea Mission. Foilsíodh an dara heagrán sa bhliain 2000, scríofa i nGaeilge agus aistrithe go Béarla ag Gabriel Rosenstock. Léiríodh an t-úrscéilín ag Taibhdhearc na Gaillimhe mar chuid d'Fhéile Ealaíon na Gaillimhe i 1992, agus ag Expo '92 sa Spáinn. Aistríodh saothar Uí Chonaola go Béarla, Gearmáinis, Fraincis, Cróitis, agus Rómáinis. Tá an gearrscéal, Amuigh Liom Féin, ar churaclam Gaeilge na hArdteistiméireachta.

Ghlac sé páirt i gCúirt — Féile Idirnáisiúnta na Litríochta in 2002. Scríobh sé dhá amhrán ar an chéad albam a rinne a iníon Lasairfhíona.

Tagairtí cuir in eagar