De Stijl
Is éard atá i gceist le De Stijl ná grúpa ealaíontóirí is ailtirí a bunaíodh i 1917 faoi anáil an Chiúbachais, an Chailvíneachais Ollannaigh is na diasúnachta. Tugtar nuaphlaisteachas air uaireanta. Bhí Theo van Doesburg, J. J. P. Oud, Piet Mondrian is Gerrit Rietveld ina mbaill. Thairg sé stíl is aeistéitic theibí, cumtha as línte díreacha, dathanna príomhúla dubha is geala, mar a léirítear i bpéintéireacht Mondrian. Tháinig an grúpa chun deiridh i 1931, ach bhí tionchar mór acu ar ealaín, ailtireacht is dearadh le linn an 20ú céad.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "De Stijl". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 627.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |