Maidir le solas, sa bhfisic is sa bhfiseolaíocht tá 3 dhath — gorm, glas is dearg — a roghnaítear mar dhathanna príomhúla, bunaithe ar airíonna aireachtála na néarcheann sa reitine. Is féidir aon dath eile, dath tánaisteach, a chruthú le meascadh éigin díobh.

Tugtar an sáithiú ar an gcodán de sholas de gach dath príomhúil atá san iomláine. Maidir le hábhair datha sa phéintéireacht, glactar mar dhathanna príomhúla cian, maigeanta is buí. Go teoiriciúil is féidir ábhar d'aon dath eile a chumadh trí mheascadh na ndathanna seo, ach uaireanta braitheann sé ar cheimic na n-ábhar seo (má imoibríonn siad, is féidir go mbeidh dath eile ar fad ar an táirge).[1]

Tagairtí cuir in eagar

  1. Hussey, Matt (2011). "Dathanna príomhúla". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 200.