Declan Kearney
Is polaiteoir poblachtach Éireannach i dTuaisceart Éireann é Declan Kearney (rugadh 19 Nollaig 1964) atá ina Chathaoirleach Náisiúnta reatha ar Shinn Féin. Bhí Kearney ina Aire Sóisearach i bhFeidhmeannas Thuaisceart Éireann ó 2020 go 2022, agus ina Chomhalta den Tionól Reachtach d' Aontroim Theas ó 2016.[1]e nuair a toghadh é.
(2015) | |
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 19 Nollaig 1964 60 bliana d'aois Tuaisceart Éireann, Ríocht Aontaithe |
Comhalta den Tionól Reachtach | |
5 Bealtaine 2022 – Téarma parlaiminte: 7ú Tionól Thuaisceart Éireann Toghcheantar: Aontroim Theas (Toghcheantar Tionóil) | |
Aire Sóisearach | |
11 Eanáir 2020 – Ball de chomh-aireacht: 6th Executive of Northern Ireland (en) | |
Ball den 6ú Tionól Thuaisceart Éireann | |
3 Márta 2017 – Téarma parlaiminte: 6ú Tionól Thuaisceart Éireann Toghcheantar: Aontroim Theas (Toghcheantar Tionóil) Toghadh i: Toghchán Thionól Thuaisceart Éireann 2017 | |
Ball den 5ú Tionól Thuaisceart Éireann | |
7 Bealtaine 2016 – 26 Eanáir 2017 (díscaoileadh na parlaiminte) Téarma parlaiminte: 5ú Tionól Thuaisceart Éireann Toghcheantar: Aontroim Theas (Toghcheantar Tionóil) Toghadh i: Toghchán Thionól Thuaisceart Éireann 2016 | |
Faisnéis phearsanta | |
Náisiúntacht | Éireannach |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Ball de pháirtí polaitíochta | Sinn Féin |
Teangacha | Béarla |
Cúlra
cuir in eagarAs Aontroim ó dhúchas dó, is mac le Oliver agus Brigid (née Totten) Kearney é. Chónaigh sé i nDoire tráth a thoghtha.[2]
Sular toghadh é mar CTR, bhí Kearney ina Chathaoirleach Náisiúnta ar Shinn Féin, agus ina cháil sin ghabh sé leithscéal as na saolta ar fad a cailleadh le linn na dTrioblóidí. [3] Is mac céile é a dheartháir, Ciarán Kearney, fear céile Jane (née Donaldson), leis an óglach de chuid na Sealadach nach maireann agus leis an bpolaiteoir de chuid Shinn Féin Denis Donaldson, a feallmharaíodh in aice leis na Gleannta i gContae Dhún na nGall tar éis dó a bheith nochta mar ghníomhaire Briotanach.[4]
Toghadh Kearney mar dhuine de sheisear Chomhalta den Tionól Reachtach d'Aontroim Theas i dtoghchán an Tionóil 2016 [5] , agus a shuíochán á choinneáil aige i dtoghcháin 2017 agus 2022.[6]
Ceapadh é ina Aire Sóisearach i bhFeidhmeannas Thuaisceart Éireann ina dhiaidh sin, tar éis athbhunú an Tionóil i mí Eanáir 2020 [7]; agus d'fhan sé sa phost seo go dtí mí na Bealtaine 2022.[8]
Is comhalta de Thionól Reachtach Thuaisceart Éireann é Declan Kearney (a rugadh ar 19 Nollaig 1964).[9][10] Seasann sé in Aontroim Theas.
Gaeilgeoir
cuir in eagarBhíodh Kearney ag teagasc Gaeilge in áiteanna éagsúla i ndeisceart chontae Aontroma agus thóg sé a chlann féin go dátheangach. Cloistear Kearney ar na meáin Ghaeilge ó am go chéile.[11]
Féach freisin
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ "Declan Kearney MLA". “Currently he is the Sinn Féin National Chairperson and has been central to the Party’s all-Ireland development, and its negotiations and reconciliation strategies.”
- ↑ "Four SF city SPADS include bomber". Londonderry Sentinel.
- ↑ "Sinn Féin chairman Declan Kearney 'sorry' for all Troubles victims".
- ↑ "Anatomy of murder".
- ↑ "DUP candidates take three seats in South Antrim". The Irish News. “Elected: Paul Girvan (DUP), Pam Cameron (DUP), Declan Kearney (SF), David Ford (Alliance), Steve Aiken (UUP) and Trevor Clarke (DUP).”
- ↑ "ELECTION 2022: South Antrim – Sinn Fein’s all-Ireland chairman Declan Kearney trounces all to seize seat". The Newsletter.
- ↑ "John O'Dowd misses out on executive seat". The Irish News. “SINN Féin national chairman Declan Kearney has been appointed as a Stormont junior minister alongside the DUP's assembly chief whip Gordon Lyons.”
- ↑ "MLA Details: Mr Declan Kearney" (en-GB).
- ↑ Declan Kearney (Meitheamh 2022). "Twitter" (en). Twitter. Dáta rochtana: 2022-06-01.
- ↑ Declan Kearney (Meitheamh 2022). "Facebook". Dáta rochtana: 1/6/2022.
- ↑ Meadhbh Ní Eadhra (Bealtaine 2022). "Cé hiad na cainteoirí líofa Gaeilge a toghadh chuig Stormont?" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-05-31.