Ban-aisteoir Sasanach is ea Dame Enid Diana Elizabeth Rigg DBE ar rugadh ar 20 Iúil 1938. Aithnítear í go háirithe as a ról mar Emma Peel ar The Avengers agus mar Teresa di Vicenzo sa scannán James Bond On Her Majesty's Secret Service 1969. Ón bhliain 2013 i leith, tá páirt mar Lady Olenna Tyrell aici sa sraith HBO Game of Thrones.

Diana Rigg
Diana Rigg 1973.jpg
Saol
Ainm iomlán Enid Diana Elizabeth Rigg
Eolas breithe Doncaster, Iúil 20, 1938
Náisiúntacht An Ríocht Aontaithe
Áit chónaithe Hammersmith
Bás Londain, Meán Fómhair 10, 2020
Na cúinsí a bhaineann lena b(h)ás bás nádúrtha (ailse)
Muintir
Athair Louis Rigg
Céile/Céilí Menachem Gueffen  (1973 -  1976)
Archie Stirling  (1982 -  1990)
Páirtí/Páirtithe Philip Saville
Páistí
Oideachas
Alma mater Royal Academy of Dramatic Art 1957) : aisteoireacht
Fulneck School (en) Aistrigh
Teangacha An Béarla
Gairm
Gairm aisteoir teilifíse, aisteoir scannáin, múinteoir ollscoile, aisteoir stáitse agus aisteoir
Fostóirí Ollscoil Oxford
Duais
Ainmníodh é/í le haghaidh
Ballraíocht Acadamh Ealaíona agus Eolaíochtaí Mheiriceá
IMDb nm0001671

Rugadh in Doncaster, atá in Yorkshire Theas inniu, sa bhliain 1938. Ó bhí sí 8 mí d'aois go raibh 8 mbliana slánaithe aice bhí cónaí uirthi in Bikaner, san India, mar a raibh a hathair ag obair mar fheidhmeannach iarnróid. Ba í an Hiondúis an dara teanga aici. Ar ais i Sasana di d'fhreastail sí ar scoil chónaithe Mhorávach. Oileadh í mar aisteoir sa Royal Academy of Dramatic Art sna blianta 1955–57.

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar