Doingean
Tugtar doingean ar chuid mhaith iasc den ord perciformes, suas le 1.8 m ar fhad. An-tóir ag iascairí air, ar bhonn trádálach in áiteanna. Tá an doingean dúchasach feadh chósta Mheiriceá Thuaidh leis an Aigéin Atlantaigh. Tugadh isteach é cois cladaigh ar feadh cósta Mheiriceá Thuaidh leis an Aigéan Ciúin é freisin, chomh maith le roinnt locha ar fud na Stáit Aontaithe. Ina measc tá an doingean stríocach, an doingean fathachúil mara, an doingean ceilpe, an doingean stríocach gainimh, agus an doingean breac gainimh.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Doingean". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 218.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |