Donnadh
Dath donn a tháirgtear ar bhianna áirithe faoi chúinsí ceimiceacha áirithe. Tarlaíonn donnadh neamheinsímeach nuair a théitear bianna a chuimsíonn próitéin is carbaihiodráit, mar thoradh ar imoibriú an aimíonaigéid lísín le siucraí saora. Tarlaíonn donnadh einsímeach i dtorthaí áirithe, úlla, mar shampla, nuair a nochtar iad d'ocsaigin.[1]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Donnadh". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 220.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |