Dreoilín
speiceas éan
(Athsheolta ó Dreoilín Eoráiseach)
Éan beag ceoil atá sa dá leathsféar den Domhan, ach clanna éagsúla sa dá cheann, is ea an dreoilín. An-fhlúirseach i Meiriceá teochreasach. A chlúmh donn nó scothdhearg in uachtar, agus bán, liath nó donnbhuí in íochtar. Patrún gleoite rialta ar a sciatháin is an dá thaobh dá bholg. Gob fada air, is a eireaball in airde. Itheann sé feithidí is damháin alla. Déanann an fireannach an-chuid ceoil, tríleach ard thar cheol aon éin eile. Déanann sé nead i gcruth sféar agus poll sa taobh mar bhealach isteach is amach, as caonach is féar, le cleití mar líneáil. Tógann sé dhá ál sa bhliain. An dara éan is lú in Éirinn, ach “rí na n-éan”.[1]
Troglodytes troglodytes | |
---|---|
Troglodytes troglodytes troglodytes | |
Taifead | |
Sonraí | |
Réise sciathán | 15 cm |
Meánlíon in ál | 6.3 |
Stádas caomhnaithe | |
Speiceas is lú imní | |
UICN | 103883277 |
Tacsanomaíocht | |
Aicme | Aves |
Ord | Passeriformes |
Fine | Troglodytidae |
Géineas | Troglodytes |
Speiceas | Troglodytes troglodytes (L., 1758) |
Ainmníocht | |
An chéad ainm Laidine a bhí air | Motacilla troglodytes |
Léarscáil de raon an tacsóin | |
Ceantair eindéimeacha | Neora Valley National Park (en) , Singalila National Park (en) , Senchal Wildlife Sanctuary (en) , Dzuluk (en) , Khangchendzonga National Park (en) , Lachen (en) , Shingba Rhododendron Sanctuary (en) , Kamlang Wildlife Sanctuary (en) , Eaglenest Wildlife Sanctuary (en) , Mehao Wildlife Sanctuary (en) , Mishmi Hills (en) agus Sela Pass (en) |
- Baineann an t-alt seo leis an speiceas coitianta Troglodytes troglodytes; má tá suim agat in éin eile a dtugtar “dreoilín” orthu, féach Dreoilín (fine).
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Dreoilín". Fréamh an Eolais. Coiscéim.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol ainmhí é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |