Drosophila
Speiceas cuil torthaí scothdhonnbhuí, de réir cineáil, le súile dearga. Beireann sí na huibheacha gar do thorthaí coipthe, agus itheann na larbhaí iad seo. Timpeall 2,600 speiceas ann, cuid acu ina lotnaidí suntasacha ar thorthaí. Thar na blianta rinneadh dianstaidéar ar struchtúr a gcrómasóm is a ngéinitic, agus foghlaimíodh an-chuid mar gheall ar an ngéinitic go ginearálta ón saothar seo.[1]
Drosophila melanogaster | |
Tacsanomaíocht | |
---|---|
For-ríocht | Holozoa |
Ríocht | Animalia |
Fíleam | Arthropoda |
Aicme | Insecta |
Ord | Diptera |
Fine | Drosophilidae |
Fofhine | Drosophilinae |
Géineas | Drosophila Fallén, 1823 |
Cineál tacsanomaíoch | Drosophila funebris |
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Hussey, Matt (2011). "Drosophila". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 224.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |